Scríobhann Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh 40 bliain ar an aer faoina cuimhní cinn faoin gclár.
Tá leabhairín beag i dtaisce in oifig Adhmhaidin i gceanncheathrú RTE Raidió na Gaeltachta i nGarraí Pheter William i gConamara. Níl cead an leabhairín seo a thógáil amach asan oifig ar ór ná ar airgead, agus seachai go ndoirtfeá aon rud uirthi!
Is beagnach go bhfuil stadas Leabhar Cheanannais faoin tráth seo ag Leabhar Adhmhaidin 1986, dialann bheag dhearg ina bhfuil oird reatha na gcéad eagráin de chéad chlár nuachta agus cúrsaí reatha RTE Raidió na Gaeltachta, scríofa amach go cúramach le lámh.
Ag póirseáil tríd le gairid, thuig mé an t-údar go dtugtar an oiread aire di. Is seod staire sóisialta, polaitíochta, teanga agus iriseoireachta atá sa dialann bheag seo. Tugtar léargas inti ar shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus na tíre trí chéile agam cinniúnach, tríd súile buíon iriseoirí óga a tháinig chun inmhe in éineacht.
Nuair a chuaigh an clár úrnua nuachta agus cúrsaí reatha ar an aer don chéad uair ar Luan Cásca i 1986, chuir na hiriseoirí óga seo an iriseoireacht Ghaeilge chraolta i lár an aonaigh ar bhealach nár tharla riamh roimhe sin.
Ag éisteacht siar leis an cláracha sin ón Earrach 1986, thug mé suntas, de mhuinín agus de chumas na n-iriseoirí seo agus iad ag cur an chlár i láthair go húdarásach agus go hábalta. Tá go leor le foghlaim againne, iriseoirí na Gaeilge sa lá atá inniu ón gcur chuige gairmiúil, údarásach a bhí acu.
Bhí aidhm an chlár soiléar ón gcéad lá-clúdach cuimsitheach ar nuacht, ar pholaitíocht agus ar shaol na Gaeltachta agus na tíre.
Bhí meitheal láidir ag plé le Adhmhaidin agus is liosta le háireamh na hiriseoirí breátha a raibh lámh acu sna chéad chláracha sin: Seosamh Ó Cuaig;Tomás Ó Ceallaigh; Seán Ó Tuairisg; Pól Mac Donncha agus Edel Ní Chuireáin;Helen Ní Shé; Seán Ó Cíobháin; Máirtín Ó Catháin; Seán Ó Cuirreáin; Tomás Mac Con Iomaire agus Seosamh Ó Braonáin.
Bhí iriseoirí iomráiteacha freisin ag déanamh scagadh ar na páipéir nuachta ar maidin - Breandán Ó hEithir; Micheál Ó Muircheartaigh; Neasa Ní Chinnéide Uí Éigeartaigh agus Tomás Mac Síomoin, i measc daoine eile.
Sa chéad bhliain sin, bhí clúdach leanúnach ar chás Bhríd Ní Dhomhnaill, a dhiúltaigh múineadh trí Ghaeilge i mbhun scoil sa Sraith Salach i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe.
Ba léir go raibh an clampar faoi chás Sheisear Bhirmhingham ag neartú, tar éis foilsiú leabhair Chris Mullin, inár leagadh amach cás láidir faoi go raibh siad neamhchiontach.
Bhí ceist an cholscartha go mór sa nuacht agus díospóireachtaí go leor faoin ábhar sna chéad chláracha, ceann acu idir ab Seanadóir leis na Lucht Oibre Micheál D. O hUigín, a chuaigh ar aghaidh le bheith ina Uachtarán ar Eirinn agus Pádraig Flynn, T.D.
Bhí cosúlachtaí agus éagsúlachtaí le tabhairt faoi deara idir sin agus seo:Bhí Gaeilge níos fearr ag na hiriseoirí agus ag na haíonna i 1986. Ba bheag bean a bhí sa meitheal! Ní riabh an oiread plé ar chúrsaí idirnáisiúnta agus cés moite de Shasana agus, ó thráth go chéile, an Fhrainc nó na Stáit Aontaithe.
Ach tá roinnt rudaí nár athraigh an méid sin:
Bhí ceist na pleanála Gaeltachta ina ábhar conspóide fiú ag an tráth sin, agus Roinn na Gaeltachta ag cur in aghiadh pleananna le eastát tithíochta a thógáil i gCois Fharraige i gConamara, mar gheall ar an drochthionchar, dar leo a bheadh aige ar chúrsaí teanga.
Tá an sprioc a chuir an meitheal sin rompu i 1986 mar sprioc fós ag meitheal an chláir inniu - an freastal is fearr agus is féidir a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilgeagus léargas sainiúil s'againn féin a thabhairt ar nuacht agus ar pholaitíocht na Gaeltachta, na tíre agus na cruinne.
Má bhíonn muid leath chomh maith leis an dream a chuaigh romhainn, beidh muid ag déanamh go maith.
Beidh eagrán speisialta den chlár Adhmhaidin á chraoladh ar Luan Cásca beidh an chéad aoi a bhí riamh ar Adhmhaidin i 1986 ag caint linn arís agus beidh beirt de na léiritheoirí a réitigh an chéad eagrán sa stiúideo linn freisin, ag roinnt a gcuid tuairimí faoin tráth sin agus an méid a tharla ó shin. Beidh deis deis ag na héisteoirí freisin roinnt blúiríní suimiúla de chraoladh 1986 a chloisteáil arís!
Craolfar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Luan Cásca, 6 Aibreán ag 8.00r.n.