Scríobhann Darragh Ó Caoimh faoina thuiscint ar fhealsúnacht na Fraince, áit a bhfuil sé ag cur faoi i láthair na huaire agus a léamh féin ar an saol, mar fhear óg.
Ráinig mé ag raimbleáil lá le déanaí ar Rue Descartes sa Quartier Latin i bPáras, mar a bhfuil staidéar orm le tamall de mhíonna anuas. Fathach fir i measc na bhfealsúna sa bhFrainc agus níos faide i gcéin a thug an t-ainm don tsráid, René Descartes (1596 - 1650). Is é an nathán is aitheanta dá chuid gan aon amhras ná "cognito, ergo sum", is é sin le rá "bím ag smaoineamh, dá bhrí sin is ann dom". Ag déanamh mo smaointe dom féin air sin rith ráiteas eile fealsúnta liom, an ceann sin a deir go n-eascraíonn deacrachtaí uile an duine as gan a bheith ábalta suí leis féin go ciúin i seomra.
Bhíos á shamhlú sin le Descartes ach bhí dul amú orm. Go deimhin, is ionann an ráiteas úd agus pensée nó smaoineamh 169 ag fealsamh eile a bhí suas sa bhFrainc sa 17ú haois, Blaise Pascal (1623 - 1662). I ndiaidh a bháis a foilsíodh a chuid "Pensées" is dhein Breandán Ó Doibhlin iad a aistriú go Gaeilge in "Smaointe le Blaise Pascal" (Coiscéim, 1994). Níor éirigh liom teacht ar chóip de fós agus dá bhrí sin is liom féin an t-aistriúchán thuas.
Mar a tharlaíonn tá Pascal curtha i ngiorracht cúpla céad méadar do Rue Descartes; caith cloch sa Quartier Latin agus buailfidh tú fealsamh, marbh nó beo. In Eaglais Saint-Étienne-du-Mont, atá ag ceiliúradh ceithre chéad bliain a tiomnaithe an mhí seo, atá an tuama aige, agus cé go bhfuil sé ar lic an dorais agam féin níor thugas aon turas ar an láthair fós. Níl a fhios agam cén fáth.
Ní fheadar ná go bhfuilim ag caitheamh an iomarca ama i mo sheomrasa agus nár chás dom bualadh amach níos minice agus a thuilleadh d'iontaisí an tsaoil, idir bheag agus mhór, a bhlaiseadh dom féin. Aon uair a théim ag spaisteoireacht amuigh is é an sásamh is an éadroime croí mar thoradh uirthi. Dá bhrí sin sílim go bhfuilim féin agus Pascal ar mhalairt tuairime. Feictear domsa gurb amhlaidh a eascraíonn deacrachtaí uile an duine, nó cuid mhaith mhór acu ach go háirithe, as a bheith ró-ábalta suí leis féin go ciúin i seomra, agus a bheith róthugtha don nós céanna.
Baoth an mhaise dom dul in adharca le duine de bhoic mhóra na smaointeoireachta abhus agus gan mé ach tuirlingthe ar éigean sa tír, b’fhéidir. Agus táim cinnte gur iomaí sin léamh níos doimhne ar an ráiteas sin ná mar an ceann dhéanaimse anseo. Ach smaoinímis air.
Is minic an ghlúin seo againne cráite ag an aonaránacht is ag an imní. Bíonn an easpa muiníne agus an ciapadh ag gabháil dúinn. Ní galar aon ghlúine amháin é seo ach níl amhras ná go bhfuil na meáin shóisialta tar éis an cur leis. Táimid tar éis príosúnaigh a dhéanamh dínn féin, ag suí inár gcaonaí aonair go ciúin, ár gcaincín sáite sa bhfón is sinn inár seomraí is ár dtithe ar leith, gafa ag ár smaointe féin agus ag smaointe daoine eile.
Ag file Fódlach, ar gheall le fealsamh é, a bhí an ceart dar liom agus ní ag Pascal,. "Is atuirseach an intinn a thit in umar doimhin na saoirse" a dúirt Seán Ó Ríordáin, agus dar leis nach raibh "faoiseamh ar fáil" ó thíorántacht ár gcuid smaointe féin ach amháin b’fhéidir ó "chomhiompar comhdhaoine". Bhlaiseas fírinne an ráitis sin ach ar ghabh mé chun na pictiúrlainne cúpla mí siar, gan chara gan chompánach i mo choimhdeacht. "When Harry Met Sally" an scannán a bhí ar siúl agus slua stróinséirí faram ag faire air sa doircheacht in éineacht liom. Ligeas fo-racht gáire asam lena linn agus bhí ábhar sluasciotaíola leis ann. Ach cé dó a raibh mé ag gáire? Ní dom féin; táim cinnte nach mbeinn sna tríthí céanna dá mba sa bhaile i mo sheomra féin a bhí ag féachaint ar an scannán céanna. Ní foláir liom nó is don slua stróinseirí a bhí mé ag sgige, más ea. Agus dhein sé maitheas dom. Ba throime go mór mo chroí ag dul isteach ná é ag fágaint. Sin agat "[c]omhiompar comhdhaoine", agus féach nach gá aon aithne a bheith agat ar do chomhdhaoine chun go n-oibreodh an leigheas.
Ag siúl dom síos don teach tábhairne arú aréir, m’áras fágtha i mo dhiaidh agam is peann is pár i mo ghlaic le haghaidh scríobh an ailt seo, ghabhas thar Eaglais Saint-Étienne-du-Mont arís. Bhí mé ag cuimhneamh ar sheomraí aonair is ar an uaigneas, is go gcaithfinn turas a thabhairt ar thuama Pascal sara fada. Ach nuair a shuigh mé suas cois cuntair liom féin is pionta ar láimh liom, is é focal an Ríordánaigh a bhí ag baint macalla as póirsí m’aigne:
Raghaidh mé síos i measc na ndaoine
De shiúl mo chos
Is raghaidh mé síos anocht.