Beidh feachtas Beag is Big ag díriú ar dhaoine agus ar ghnólachtaí a bhfuil beagán Gaeilge acu ach ag iarraidh seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí agus níos mó Gaeilge a úsáid ina n-áit oibre.
Tá borradh ollmhór feicthe ag BÁC le Gaeilge i spéis na teanga agus le gnólachtaí a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Is é príomhaidhm an fheachtais ná an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí agus í a chur chun cinn san Ardchathair. Beidh Beag is Big ag freastal ar na gnólachtaí, na díoltóirí agus na custaiméirí a bhfuil spéis acu a bheith páirteach sa réabhlóid teanga atá faoi lánseol faoi láthair ach b’fhéidir nach bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu go fóill.
De réir suirbhé Amárach Research, a rinneadh in 2025, tá 162,400 duine a bhfuil Gaeilge acu i mBÁC agus tá fás 14% ar líon na gcainteoirí Gaeilge san ardchathair ó 2006. De bharr sin, tá deis airgid a dtugtar ‘An Euro Gaelach’ air, ag teacht chun cinn do ghnólachtaí a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do chustaiméirí. Dúradh sa suirbhé, go mbeadh 41% de dhaoine níos mó ná sásta airgead a chaitheamh i ngnó Gaeilge ná ceann gan Gaeilge ar bith.

Dar le Stephen Troy, Úinéir Troy’s Butchers, Sráid an Mhúraigh:
"Tá an Ghaeilge tar éis bonn custaiméirí nua a oscailt dúinn. Tagann daoine isteach chugam as gach áit ar domhain agus iad anois ag cleachtadh teanga dúchasach na tíre seo. Beadh cúpla céad duine ag teacht isteach chugam ag ordú ispíní agus slisíní trí Ghaeilge!
Molaim go mór le miondíoltóir ar bith teagmháil a dhéanamh le BÁC le Gaeilge má bhfuil spéis acu an Ghaeilge chur chun cinn sa gnó."
De réir taighde á dhéanamh ag BÁC le Gaeilge, ceaptar go gcruthaíonn gnólachtaí i líonra gnó "Labhair Linn" BÁC le Gaeilge breis agus 6,720 deis labhartha gach mí agus déantar €17000 sa bhreis gach bliain.
Dar le Mícheál Ó Nualláin - Stiúrthóir BÁC le Gaeilge:
"Tá na céadta mílte duine i mBaile Átha Cliath in ann Gaeilge a labhairt, ach níl go leor deiseanna acu í a úsáid ina saol laethúil. Ní fadhb teanga atá againn - is fadhb úsáide atá ann.
Le ‘Beag is Big’, táimid ag tabhairt deis do ghnólachtaí an bhearna sin a líonadh - trí dheiseanna fíorúla, laethúla a chruthú don Ghaeilge.