skip to main content

Taithí mhór i mbeagán focal: Lá na Máithreacha

A woman sits at a table with a young child

Scríobhann Siún Ní Dhuinn, máthair chailín beag atá ag teannadh le dhá bhliain d'aois faoin Lá na Máithreacha, a tuiscint ar an gceiliúradh agus an ról freisin.

Ní bhíonn in aon rud ach seal, a chloiseann muid. Tuigim seo agus nathanna cainte eile níos fearr ná riamh agus mé ag teannadh le dhá bhliain i ról na máthar.

Cé go bhfuil 'fhios agam go bhfuil a breithlá ag teannadh linn, is ar éigean go gcreidim go mbeidh sí ar an saol le dhá bhliain anuas. Tá sí lán de cheol, de chaint agus dá tuairimí féin faoin saol, beag beann ar thuairimí a tuismitheoirí.

Gach bliain, sula raibh mo chlann féin agam, dhéanfainn cinnte cárta a chur chuig mo mháthair do Lá na Máithreacha agus ghabh mé buíochas léi as gach a rinne sí dom. Ní thógfadh sé i bhfad ormsa ach sílim go ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. I mbliana, cuirfidh mé cárta chuig mo mháthair arís ach an uair seo, beidh mé á chur ó mháthair go máthair, difear nach beag.

Young Mother playing with children while sitting on floor at home with wooden toys

Cé nach bhfuil mise fós ach ag tús m'aistir mar mháthair agus go bhfuil go leor, leor foghlama le déanamh agam, is dóigh liom go dtuigim cás mo mháthar agus máithreacha eile anois ar bhealach iomlán eile. Aithním cuid de na híobairtí, na dúshláin agus an t-ualach a bhaineann le tuismitheoireacht, máithreachas go sonrach. Tuigim an dlúthcheangail idir máthair agus páiste a mhaireann sa chroí istigh. I mbeagán focal, feicim an saol trí shúile na máthar.

Go minic, is iad na máithreacha a ghlacann ról an phríomhchúramóra; ó chothú go codladh sna luathbhlianta, agus ansin, ó chumarsáid scolaíochta go cur i bhfeidhm rialacha. Pribhléid í páiste a thógáil, iad a fheiceáil ag forbairt ó lá go lá agus a bpearsantacht féin ag teacht in inmhe. Méadaíonn do chumas grá a thabhairt agus méadaíonn d'fhoighne freisin ach ní dóigh liom go bhfuil muid ionraic a dhóthain faoin gclaochlú saoil a tharlaíonn dúinn.

Tá sé spéIs aisteach an tréimhse í

Cé go bhfuil nach mór dhá bhliain níos faide ar aghaidh, tá mise fós ag dul i ngleic leis an saol mar mháthair. Deirtear nach mbeidh an saol arís mar a bhí agus aithním nach bhfuil mise mar a bhí ach oiread.

Ní féidir cur síos a dhéanamh ar an máithreachas i mbeagán focal mar go bhfuil an t-eispéaras chomh mór, fairsing agus domhain ach má tá do mháthair fós i do shaol agus tú mór léi, cuir glaoch uirthi.