skip to main content

An fiú agus an féidir staonadh ón bhfeoil?

Slán go Feoil Storm
Storm Eaton-Kilgallen, rannpháirtí sa chlár Slán go Feoil.

Scríobhann Storm Eaton-Kilgallen atá páirteach sa chlár nua, Slán go Feoil, faoin dúshlán a bhain le staonadh ó fheoil ar feadh míosa.

Nuair a cuireadh an cheist orm páirt a ghlacadh i Slán go Feoil, sraith faisnéise ceithre chlár ina bhfuil seachtar ar fud na hÉireann ag tabhairt faoi dhúshlán – gan feoil a ithe ar feadh míosa – ní raibh mé cinnte cad é go díreach a bhí romham.

Cé nach mbeinn féin ar an bhfeoiliteoir ba mhó ar domhan, bhí cúiseanna praiticiúla agam a chuir leis an amhras a bhí orm faoin dúshlán.

Ar an gcéad dul síos, déanaim mo sheacht ndícheall a bheith aclaí – mar gheall go n-imrím peil Ghaelach le foireann áitiúil anseo i mBéal Feirste.

Mar sin, bhí mé beagáinín buartha faoin taobh cothaithe den dúshlán – go háirithe faoin bpróitéin agus an fuinneamh a bheadh ag teastáil uaim le haghaidh traenála agus cluichí agus muid i lár na sraithe peile.

Ní hé sin an t-aon rud a chuir leis an dúshlán áfach.

Ag an am céanna, bhí mo pháirtí ag cur isteach orm – déarfainn féin gur 'fear clasaiceach Éireannach' é amach is amach ó thaobh bia de. Ina thuairimse, ní ‘dinnéar ceart’ atá ann mura bhfuil feoil ar an bpláta!

Bhí orm smaoineamh ar cad é mar a bheadh sin sa teach agus muid ag iarraidh béilí nua a chur le chéile nach raibh bunaithe ar fheoil – bhí a fhios agamsa ansin nach mbeidh sé furasta cibé!

Ar an taobh eile den scéal, bhí mé fiosrach faoi rud amháin eile nach phléitear go minic agus muid ag labhairt faoin fheoilséanadh: an sparán.

Nílim féin agus mo chéile ach sna fichidí agus bíonn muid ag iarraidh airgead a shábháil i gcónaí – agus i dtréimhse ina bhfuil costas an tsaoil ag dul i méid i gcónaí, is ceist phraiticiúil í sin do go leor daoine gan dabht.

Cheap mé gur deis mhaith a bheadh ann féachaint an mbeadh aiste bia phlandabhunaithe níos saoire i ndáiríre.

I rith na míosa, thosaíomar ag foghlaim ó chothaitheoirí, ó dhochtúirí agus ó dhaoine atá paiseanta faoin mbia. Ní raibh sé i gceist againn maireachtáil ar sailéid amháin; a mhalairt ar fad a bhí ann! Bhí béilí plandabhunaithe lán blas againn agus oidis chruthaitheacha a d’oscail mo shúile go mór.

Bhí rannpháirtithe eile ag glacadh páirte freisin – ó Dhún na nGall, Daingean Uí Chúis agus Béal Feirste – lena n-áirítear an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart tiománta d'athchóiriú Teach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga, agus Conor Torbóid, rapálaí as Béal Feirste agus cara liom go pearsanta. Ba dheas an rud é go raibh a fhios agam nach raibh mé liom féin ar an aistear úr seo!

An tAthair Brian Ó Fearraigh on Krishna Island

Go pearsanta, is mór agam bia mara agus is feirmeoir oisrí é m’athair, mar sin bhí sé an-deacair fanacht gan iasc ar feadh míosa iomláine.

An rud a chuir leis an dúshlán áfach ná go raibh turas beartaithe agam go dtí an Phortaingéil le cairde, tír a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu mar gheall ar an mbia mara.

Caithfidh mé a admháil go raibh sé go deimhin dúshlánach: go leor bialanna nach raibh mórán roghanna acu, agus uaireanta bhreathnaigh na freastalaithe orm ar nós gur gealt cheart chríochnaithe mé nuair a d’iarr mé rud éigin gan feoil!

Éist leis an Athair Brian Ó Fearraigh ag caint faoina thaithí siúd ar an dúshlán ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Agus ag an deireadh?

Bhuel, thosaigh mé ag mothú níos éadroime – ach go háirithe i ndiaidh am dinnéir. Ní amháin sin, chaill mé cúpla punt – rud nach raibh mé ag súil leis (go háirithe i ndiaidh dom seachtain a chaitheamh in Albufeira ag cóisireacht le cairde!), agus bhí sé spreagúil a fheiceáil go bhféadfadh béilí gan feoil a bheith chomh sásúil sin.

Na laethanta seo, ní feoilséantóir mé.

Ach, tá athruithe beaga déanta agam agus mo pháirtí ó thaobh ar nósanna de. Mar shampla, anois bíonn ‘veggie nights' mar chuid den sceideal seachtainiúil – údar mór díomá do mo pháirtí táim cinnte!

Tá na milliúin cúis ann an méid feoil a itheann tú a laghdú – an timpeallacht, an costas, do shláinte, agus go leor eile – ach uaireanta bíonn sé deacair fios a bheith agat cá háit le tosú.

Domsa, ba é Slán go Feoil an tús sin. Ní bhaineann sé le feoil a thabhairt suas go deo. Bhí sé faoin fhiosracht, triail a bhaint as rud nua, agus machnamh a dhéanamh ar na roghanna atá ar ár bpláta gach lá.

Agus cé gur bhraith mé uaigneach gan éisc, d’fhág an dúshlán mé níos oscailte d’aiste bia nua san iomlán!

Féach ar Slán go Feoil ar RTÉ ONE, Dé Luain, 16 Márta ag 8.30pm