Labhair an fear gnó, Cormac Ó Bruic ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na fadhbanna a bhí aige físeán fógraíochta i nGaeilge a chur ar an ardán LinkedIn.
Tá ceanncheathrú Eorpach an chomhlachta lonnaithe anseo in Éirinn agus tá breis agus 2,000 duine fostaithe acu san oifig sin.
Comhlacht margaíochta agus fógraíochta atá ag Ó Bruic atá ar an bhfód le ceithre bliana. Theastaigh Ó Bruic físeán fógraíochta a chur amach ar LinkedIn le rá go bhfuil seirbhisí Gaeilge ar fáil ach deir sé gur diúltíodh don fhógra sin.

Fuair Ó Bruic scéal ar ais ón gcomhlacht ag míniú nach bhfuil LinkedIn ag tacú leis an nGaeilge agus dá réir, ní fhéadfadh fógra i nGaeilge a chrochadh air. Nuair a d'fhiosraigh Ó Bruic ó LinkedIn an scéal, dúradh leis go raibh sé i gceist acu an scéal a phlé ach ó shin gur dúnadh an ticéad sin agus nár chuala sé aon rud ó shin.
D'ardaigh Ó Bruic an cheist faoi chomhlachtaí poiblí a bheith ag cur fógraí ar LinkedIn nuair atá iachall orthu 20% den fhógraíocht sin a bheith i gceist. Deir sé go bhfuil roinnt fógraí i nGaeilge feicthe aige ar an ardán ach ní i bhfoirm físeán.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.