Scríobhann Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha le Conradh na Gaeilge faoi FÍS 2026 a thabharfaidh 5,000 duine óg le chéile san Ionad Comhdhála an tseachtain seo.
An Déardaoin seo, an 12 Márta, beidh ócáid fhíorspéisiúil ar siúl i bpríomhionad comhdhála na tíre. Cé a chreidfeadh go mbeadh áit mar sin lán le 5,000 duine óg ag lorg todhchaí níos Gaelaí? Is léir nach bhfuil an Ghaeilge in áit na leathphingine a thuilleadh.
Le blianta fada anuas tá todhchaí dhátheangach geallta dúinn, agus spriocanna fostaíochta 20% don Ghaeilge san earnáil phoiblí ag druidim linn anois. Tabharfaidh FÍS 2026 an chéad bhlaiseadh don todhchaí sin, le 110 seastán cláraithe le bheith i láthair. Beidh gach saghas eagraíochta ann – ó na hollscoileanna móra go dtí an HSE, An Garda Síochána agus TG4.
Is comhdháil úrnua é FÍS 2026 le trí zón éagsúla a léiríonn ár dtodhchaí dhátheangach san oideachas, sa saol gairmiúil agus sa saol sóisialta. Tugann an lá seo scoláirí, mic léinn, gairmithe óga, cruthaitheoirí agus eagraíochtaí Gaeltachta, Gaeilge agus Stáit le chéile le teachtaireacht shoiléir amháin: is buntáiste luachmhar sa bhreis í an Ghaeilge sa saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta.
Beidh go leor samplaí de na buntáistí sin le feiceáil ar an lá. Beidh zón iomlán dar teideal "Todhchaí" dírithe ar na tionscnaimh trí Ghaeilge atá á gcur chun cinn ag Gaeilge365 i gcomhar le húdaráis áitiúla Átha Cliath, tionscnaimh atá le leathnú ar fud na tíre go luath.
Nuair a thosaigh muid ag pleanáil cúpla mí ó shin, ní rabhamar cinnte an líonfaí an áit. Shíleamar go mbeadh idir 30 agus 40 seastán ann, ach níorbh fhada go raibh orainn breis spáis a lorg. Is iad na cainteoirí óga Gaeilge féin an ghné is luachmhaire den lá, agus breis is 4,000 cláraithe cheana féin. Beidh breis is 100 fostóir ag fanacht le bualadh leo, agus tá súil againn go léireoidh FÍS dóibh, thar aon rud eile, cé chomh luachmhar is atá a dteanga féin.
Ar an lá freisin beidh an phléphainéal is mó riamh trí Ghaeilge ar siúl, le scoth na gcainteoirí páirteach ann: DJ Próvaí ón ngrúpa Kneecap, an réalta meán sóisialta Éadaoin Fitzmaurice, Róisín Seoighe ón ngrúpa IMLÉ agus Ambasadóir Seachtain na Gaeilge 2026, Caitríona Kenny ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Peadar Ó Caomhánaigh, fear an tí agus bainisteoir cumarsáide don ócáid.
Beidh an tríú seisiún ag FÍS, idir 15:30 agus 18:00, oscailte don phobal. Más mian leat bualadh isteach agus blaiseadh a fháil den todhchaí dhátheangach seo, beidh fáilte romhat.