In a new two-part documentary series on TG4 examines the real impact of 100 years of the Irish State on the country's women through the prism of the judicial system.
Sraith faisnéise dhátheangach ina dhá chuid é Ceartas Crua - Mná v An Dlí ina bhfiosraítear an tionchar a d'imir agus an rian a d'fhág céad bliain de Stát na hÉireann ar shaol mhná na hÉireann trí phriosma ar leith an dlí. Déantar cur síos ar chásanna dlí atá tugtha i gcúirteanna na hÉireann agus ar reachtaíocht atá tugtha isteach ag Stát na hÉireann sa tsraith seo ó bunaíodh an Stát go dtí an lá atá inniu ann.
Caithfear súil ghéar, thar dhá chlár tharraingteacha de Ceartas Crua - Mná V An Dlí, ar phointí thar a bheith tábhachtach i stair na hÉireann nuair a thug mná as Éirinn aghaidh ar an gcóras dlí.
Bhí róil na mban sa saol oibre, sa saol poiblí agus sa gcóras dlí fiú amháin leagtha amach sna chéad deich mbliana den Stát nua. Bhí sé le feiceáil ón tús go raibh neamhaird le déanamh ar mhná ag an tír neamhspleách seo ar throid siad go crua lena baint amach - ní raibh cead ag mná a bheith ar ghiúiré, ní raibh aon chead acu a bheith ag obair tar éis dóibh pósadh agus ní raibh aon chead acu aon mhodhanna frithghiniúnacha a úsáid.
Sa gCartlann Náisiúnta, déanfar taifid chúirte ó thriail beirt deirfiúracha as Ros Comáin a ciontaíodh i naímharú in 1934 a scrúdú agus gheobhaimid amach gur cuireadh 183 bean shingil ar a dtriail as páiste nuabheirthe neamhdhlisteanach a dhúnmharú sa bPríomh-Chúirt Choiriúil idir 1922 agus 1950.
Déanfar cur síos ar scéal Vera Carey i Liatroim, bean ar éirigh léi an ceann is fearr a fháil ar an gcosc oibre tar éis pósadh agus a post ina Leabharlannaí Contae i Liatroim a choinneáil.
Léirítear sa gcartlann i gCumann Staire Lucht Saothair na hÉireann mar a d'fhág stailc 14 seachtaine na n-oibrithe níocháin mná in 1945 coicís saoire ag gach oibrí in Éirinn.
Fiosraítear gníomh sibhialta ársa an Chaidrimh Collaí, áit a bhféadfaí fear a chúiteamh as a bhean chéile a chailleadh nuair a bhí sé maíte aige go raibh caidreamh gnéis aici le fear eile, agus a bhí sa dlí go dtí 1981, trí chlúdach agus taifid nuachtáin.
Agus scrúdaítear gníomhartha cróga Ghluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann, lena n-áirítear an uair nach raibh siad sásta géilleadh do lucht custaim i Stáisiún Uí Chonghaile tar éis an turais cháiliúil a rinne siad go Béal Feirste ar an Traein Fhrithghiniúnach in 1971.
Clár 2: Na 1970í go dtí an lá atá inniu ann
De réir mar a bhí an tír seo ag tabhairt aghaidh ar ré nua sna 1970í, bhí ar mhná na hÉireann fós cloí le srianta sochaíocha agus dlí, ach bhí sin go léir ar tí athrú.
Rinne lánúin phósta óg, May agus Seamus McGee, agóid i gcoinne bhunreachtúlacht an chirt chun earraí frithghiniúnacha a úsáid, agus thug siad a gcás os comhair na Cúirte Uachtaraí ag dearbhú a gcirt bhunreachtúil chun príobháideachta ina bpósadh.
Déanfaidh Máirín de Búrca cur síos ar an gcaoi ar throid sí féin agus Mary Anderson, le Mary Robinson ag déanamh ionadaíochta orthu, Cás sa Chúirt Uachtarach in 1976 a raibh mar thoradh air go raibh cead ag mná anois a bheith ar ghiúiréithe.
Inseoidh Eilis Barry ó FLAC dúinn faoi chás Josey Airey, máthair as Corcaigh nach raibh in acmhainn idirscaradh dlíthiúil a fháil agus a thug a cás go dtí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach chun go mbeadh sé de cheart aici teacht a bheith aici ar chúnamh dlí in Éirinn.
Inseoidh an tIriseoir Padraig Yeates faoin gcaoi ar chlúdaigh sé scéal Sheila Hodgers san Irish Times sular vótáil muintir na tíre seo sa reifreann chun an t-ochtú leasú ar an mBunreacht a thabhairt isteach in 1983.
Fiosraítear tionchar sochaíoch agus dlí Chás X mar aon leis an reifreann chun an t-ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm in 2018.
Agus pléann Niamh Ní Hoireabhaird, iriseoir agus bean atá i bhfách le cúrsaí míchumais, torthaí reifrinn 2024 agus na hathruithe atá beartaithe a chur ar fhoclaíocht an bhunreachta maidir le mná sa bhaile, sa teaghlach agus faoi chúram.
Ceartas Crua, 9.30pm ar TG4 ón 11 Márta agus ar Sheinnteoir TG4