Scríobhann Cian Ó Griallais faoin bhféile mhór capall a thosaíonn inniu in iarthar Shasana, áit a mbíonn na capaill Éireannacha agus Shasanacha in iomaíocht ghéar lena chéile.
Céard a thagann chun cuimhne agus mí an Mhárta buailte linn? Aimsir níos breátha? Lá Fhéile Pádraig? Bhuel tá dream amháin ann agus níl ach rud amháin atá tábhachtach i rith na míosa seo - Féile Rásaíochta Cheltenham. An tseachtain seo chugainn, is é Cheltenham, baile beag in iarthar Sasana, triall lucht leanta na gcapall agus ceithre lá de na rásaí is fearr sa spórt á rith. 4 lá, 28 rása, na céadta capall, scóir de mharcaigh agus traenálaithe ar fad le sprioc amháin - bua muirneach i gceannáras na léimrásaíochta.
Is í an fhéile seo ceann de bhuaicphointí den séasúr léimrásaíochta. Cén fáth? Den chuid is mó is ar na rásaí seo a dhírítear na capaill is fearr. Is ag Cheltenham a bhíonn na capaill is fearr ó Shasana agus ón tír seo i gcoinne a chéile. Is anseo a bhíonn na ceisteanna maidir le cé is fearr freagartha. Tá scéalta draíochtúla ann de chapaill ag baint sárchumas amach ar nós Arkle, ag teacht ar ais ag ardchumas ar nós Kauto Star, nó ag baint rud eisceachtúil amach ar nós Dawn Run. Gach uile bhliain bíonn an seans ann go bhfeicfidh muid an chéad réalta eile, nó go scríobhtar píosa staire nua. I mbliana, cé go bhfuil roinnt do na réaltaí móra in easnamh de bharr gortaithe nó cúinsí eile, tá fós neart le bheith sceitimíneach faoi.

Le blianta beaga anuas tá capaill agus traenálaithe na hÉireann tar éis a bheith fíor-rathúil ag an bhféile seo. Tá muid tagtha i bhfad ó 1989, bliain nach raibh buaiteoir amháin ag capaill a thraenáladh in Éirinn. An uair dheireanach go raibh níos mó buaiteoirí ag Sasana ag an bhféile ná 2015. Ó shin tá traenálaithe agus capaill na hÉireann tar éis a bheith ceannasach. Sa bhliain 2021, níor bhuaigh Sasana ach 5 as an 28 rása. Slad a bhí ann, ba thubaiste é. Anois tá lucht rásaíochta Shasana meáite ar an gcothromaíocht agus an t-iomaíochas a thabhairt ar ais. I mbliana, tá siad den tuairim go mbeidh siad i bhfad níos láidre.
Tosóidh an tseachtain, ar an Máirt, leis an Supreme. Is rás núíosaigh é, do chapaill óga gurb í seo an chéad bhliain dóibh ag rith thar chliatha. Is minic go bhfeictear réalta móra an todhchaí ag rith agus ag buachan anseo. Samhlaigh tú féin ag breathnú ar David Clifford ag scóráil 4 chúl agus 4 chúilín i gcraobh na mionúr i 2017, bhí a fhios agat go raibh rudaí móra i ndán dó. Is mar a chéile anseo é.
Is minic a bhíonn seans láidir ag Willie Mullins sa rás seo, fear a bhfuil clú agus cáil air i Cheltenham agus 113 rás buaite aige. Tá an Supreme buaite aige 6 uaire ó 2013 agus le cúig bliana anuas is aige a bhí rogha na n-údar roimh an rás. Ach ní mar a chéile i mbliana é. Cé go dtaitníonn a chapall, Mighty Park, le go leor is rás oscailte é. Tá capall Gordon Elliot, El Cairos, agus Jospeph O'Brien, Talk the Talk, láidir. Ach tá seans ann go mbeidh tús maith ag Sasana agus bua ag capall Nicky Henderson Old Park Star.
An rás mór ar an Máirt ná an Champion Hurdle. I dtuairim go leor is rás lag ó thaobh tallainne de é le hais blianta eile. Tá Constitution Hill athraithe go dtí an talamh cothrom, tá State Man gortaithe, Tá Sir Gino gortaithe, níl a fhios againn an dtiocfaidh Lossiemouth anseo nó an bhfanfaidh sí i measc na láracha eile. Tá capall ag JP McManus sa rás seo, traenáilte ag Dan Skelton i Sasana, The New Lion. Bhí an bua aige anseo an bhliain seo caite mar núíosach ach i rás níos faide. Arís beidh súil ag lucht Sasana tús maith a bheith acu leis an tseachtain. Ach ní bhíonn rudaí riamh chomh héasca sin le rásaíocht capall.
Tá idir chliathrásaí (cliatha beaga) agus léimrásaí (claíocha móra) ann i rith na féile. Is dhá chód éagsúla iad. Bíonn stíl léimní éagsúla uait don dá chód. Ar nós peil agus iománaíocht is iontach an dá cheann agus iad déanta i gceart. An rása is fearr liomsa ag an bhféile ná an léimrás mór, an Gold Cup, a rithfear ar an Aoine ag a 4:00. I dtuairim go leor is é seo rása mór na seachtaine a ritear thar 3¼ mhíle, is scrúdú aclaíochta, luais agus léimní é.
Is sa rás seo le blianta beaga anuas a bhain Galopin des Champs cáil amach agus é a buachan faoi dhó ina dhiaidh a chéile. Capall a bhfuil grá agus gean ag an bpobal rásaíochta dó ar an dá thaobh den fharraige. Bualadh é anuraidh agus é sa tóir ar an tríú Gold Cup as a chéile, éacht nár baineadh amach ón mbliain 2004 nuair a rinne Best Mate é. Tá sé gortaithe i mbliana agus ní bheidh an deis aige an choróin a sciobadh ar ais.
I mbliana is rása oscailte é. Tá capall eile Willie Mullins, Gaelic Warrior, mar rogha na n-údar. Arís bhí an bua aige ag an bhféile anuraidh, i rás níos giorra, ach i mbliana tá sé tar éis a bheith iontach i rásaí níos faide. Ag an Nollaig, sa rás cáiliúil an King George, a ritear ar lá Fhéile Stiofán bhí sé sa tríú háit i gcríoch drámatúil idir é féin, Bambridge agus The Jukebox Man.
Is le Harry Redknapp an The Jukebox Man a raibh an bua aige an lá sin agus sin an uair dheireanach a bhfaca muid é. Beidh Ben Pauling, a thraenálaí, ag iarraidh a bheith mar a chéad traenálaí Sasanach chun an Gold Cup a bhuachan ó 2018. Tá Nicky Henderson é féin sa tóir ar an éacht céanna leis an gcapall Jango Baie, ach arís tá lámh láidir ag traenálaí Éireannacha sa rás. Tá capall Gavin Cromwell ann , a bhuaigh an rás seo anuraidh, Inothewayurthinkin. Tá a thorthaí an séasúr seo go hainís ach ní bheadh a fhios agat a riamh.
Ní hiad an traenálaí móra amháin atá seans acu ag an leibhéal seo. Tá capall ag James Mangan, Spillane’s Tower, agus rithfidh sé a rás. Ní raibh an capall seo ag an bhféile anuraidh ach bhí an bua aige anseo ag Lá na dTrialacha i mí Eanáir. Do thraenálaí nach bhfuil ach b’fhéidir 12 chapall aige bheadh scéal iontach dá n-éireodh le Spillane’s Tower an Gold Cup a bhuachan.
Le rásaí capall, tá dhá rud a mheallann daoine chun breathnú orthu. Ar dtús, níl dada níos fearr ná na hainmhithe iontacha seo a fheiceáil faoi lán luas ag léim. Sheasfá sa sneachta ag breathnú orthu. Do roinnt daoine chomh maith, breathnaítear ar rásaí mar tomhais atá le réiteach. An tseachtain seo, is iad na tomhais is deacra den bhliain iad. Is iomaí fachtóir atá le cur san áireamh, ach is ansin atá an spórt agus an spraoi. Tá tuairim ag gach duine ach níl ann ach tuairim go dtí tosaítear an rás. Beidh roinnt daoine ag imeacht ar a dturas bliantúil do Cheltenham an tseachtain seo. Beidh roinnt a bhreathnóidh ar rásaí sa mbaile nó le cairde, ach pé rud a tharlóidh, an rud is iontaí faoin tseachtain, ná na scéalta agus an draíocht.