Scríobhann Amano De Londra Miura faoi na ceisteanna ba cheart a chur agus nach gcuirtear go minic faoin nGaeilge.
Táimid i gceartlár Seachtain na Gaeilge anois agus tá fairsinge de gach saghas imeacht trí mheáin na Gaelainne ar fáil fud fad na hÉireann. Le blianta beaga anuas caithim roinnt ama ag glacadh páirte i gceolchoirmeacha, cainteanna agus taibhléirithe Gaelainne timpeall na tíre agus is minic a chuireadh an cheist seo orm ar an mbóthar:
Cá bhfuair tú do chuid Gaelainn?
B'fhéidir gur ceist níos deise í ná "Cathain a mhothaigh tú an Ghaelainn?" in ionad "Cá bhfuair tú í?" I mo chás féinig, tháinig an léargas sin chugam i bhfad i gcéin.
Bhí an t-ádh liom gur bhog Gaelscoil Faithleann Cill Airne isteach go foirgneamh úrnua i bPáirc an Fhia i 1999 - bliain amháin roimh mo chéad lá scoile féinig. Shocraigh mo mháthair gur deis mhaith a bheadh ann dom agus bhí an ceart ar fad aici. B’é sin an áit ina bhfuaireas bunús na teangan agus b’iad múinteoirí na scoile sin a mhúin roinnt mhaith do mo chéad amhráin dom leis.
Sa mheánscoil, bhreathnaíos ar an nGaelainn mar ábhar scoile cosúil le haon cheann eile. Ábhar láidir dom, ceart go leor, ach níorbh mórán meas ar mo pháirtithe ranga uirthi agus cosúil le haon ghnáth déagóir eile chuas leis an slua. D’imigh an Gaelainn glan ó mo shaol gach uair a d’fhágas geataí na scoile agus ní haon scéal uathúil é mo cheannsa.
Nuair a chríochnaíos m’ardteistiméireacht níor smaoiníos faoin teangan arís ar feadh scaithimh. Bhíos ag iarraidh céim i mBéarla agus Stair na hEalaíne a leanúint ar dtús, ach chreid mé nárbh fhiú dom rud éigin cruthaitheach a dhéanamh. Phioc mé Staidéar na hEorpa ina áit agus de réir a chéile bhíos ag díriú ar Bhéarla, Spáinnis agus Iodáilis. Níorbh rian don nGaelainn ar na díslí agam - nó sin mar a cheapas.
Cuir ar aghaidh go dtí 2018 agus mé ag caitheamh samhradh breá fiontrach i Vancouver. Bhí cairde ó bhaile lonnaithe ann le tamaillín agus bheartaigh mé triail a bhaint as mar saoire taighde. Níorbh ach víosa ghearrchuairte agam agus chaitheas mo laethanta mar oibrí deonach ag féilte éagsúla agus ag cur eolas ar an gcathair ar mo rothar athláimhe.
Bíodh iontas na n-iontas orm gach lá agus mé ag breathnú ar éagsúlacht na ndaoine ann. Gach cóisir tí a d’fhreastalaíos ar bhuaileas le duine éigin a tháinig ó bheagnach gach mór-roinn ar domhan. Ní fhaca mé a leithéid roimhe sin agus mé ag fás anois i bpobail tuaithe gan Áiseach ar bith eile ach mé féin ann. Bhí sé go léir aisteach, iontach agus fuascailteach dom foghlaim faoi líon na dteangacha, bianna, ceolta agus dearcthaí a bhí in aon áit amháin thart timpeall orm.
Lá breá grianmhar chuas siar go Músaem Antraipeolaíochta Ollscoil British Columbia ar mo rothar iontaofa. Bhí ealaín dhúchasach comhaimseartha feicthe agam sa ghraifítí i lár na cathrach agus bhíos fiosrach faoin bhfoinse. Agus mé ag fámaireacht timpeall an mhúsaeim arsa seo, fuaireas rud éigin nach ndearna mé margadh air - tuiscint úrnua ar luach an Gaelainn.
I measc na n-ábhar, saothair agus déantáin go léir, bhí taispeántais amháin gan rud ar bith ann ach ballaí duibhe. Agus mé ag bogadh timpeall an tseomra, labhraíodh guthanna difriúla ón dorchadas i dteangacha nár chualas riamh roimhe. Seandaoine a bhí ag caint liom agus cé gur thaithí mhearbhlach a bhí inti, bhraith mé ar mo shuaimhneas ina gcomhluadar.
Ag fágáil an seomra bhí fógra faisnéise os mo chomhair amach a léigh: "B’shin iad na cainteoirí deireanacha a labhair gach teanga a chuala tú. Cailleadh breis is 350 teanga dúchasacha ón tír a ghlaoitear Ceanada uirthi inniu".
Sheas mé ann go tostach ar feadh nóiméad - cáithníní ag teacht ar mo chraiceann, fuacht ag druidim ar mo chroí agus cloch ag leaindeáil im’ scornach. Bhí críoch le soineantacht m’óige láithreach agus thuig mé luach m’oidhreachta teangan don chéad uair. Thuigeas go domhain i mo chnámha é go rabhas tosnaithe anois ar thuras gan iompú.
Cé go bhfuair mé mo Ghaelainn i rith mo laethanta scoile, is léir gur mhothaigh mé an í lá dá raibh i gCeanada.
Rachadh an t-eispéireas sin i Vancouver i bhfeidhm orm go mall. Bhog mé go Aotearoa - An Nua-Shéalainn go luath ina dhiaidh sin agus d'fhoghlaim mé faoi chultúr dúchasach na Maori le linn na bliana a chathas ann. Nuair a chaitheas tréimhse ag staidéar na Seapáinise i Hokkaido d’fhoghlaim mé freisin faoi chás na Ainu agus a dteanga dhúchais a bhí múchta faoi chos choilíneach na Seapáine. Bhuail mé le cara Coirdíneach nuair a d’fhill mé ar an Eoraip a bhí ag scríobh tráchtas ar logainmneacha Coirdise atá scriosta sa Tuirc sa lá atá inniu ann.
Mar sin, diaidh ar ndiaidh, thuig mé go raibh an nGaelainn mar chuid ríthábhachtach do ghréasán idirnáisiúnta faoi leith agus go bhféadfainn páirt a ghlacadh i ngluaiseacht iarchoilíneach, gualainn ar ghualainn le cainteoirí mionteangacha na cruinne - daoine a bhfuil ag obair ag céimeanna éagsúla dá n-iarrachtaí chun a gcuid oidhreachta labhartha a athbheoigh, a chosaint agus a fhorbairt.
Is iad taithí mar seo a stiúir mé i dtreo na Gaelainne i ndáiríre agus a spreag mé chun ról lárnach a chruthú di i mo shaol pearsanta agus gairmiúil. Mhothaigh mé meáchan an bhronntanais a bhí ann i líon na gcainteoirí dúchasacha atá againn in Éirinn agus atá in oidhreacht beo na n-amhrán, na filíochta agus an oideachais.
Le linn ceiliúradh na seachtaine seo ní mór dúinn cuimhne a choinneáil ar cé chomh difriúil a d'fhéadfadh rudaí a bheith agus cé chomh difriúil is atá cúrsaí do roinnt daoine dúchasacha agus a dteangacha sinseartha ar fud an domhain mhóir.
Cathain a mhothaigh tusa an Ghaeilge don chéad uair - agus cad a dhéanfaidh tú léi?
Más í tír le teagan tír le hanam, is sinne anois atá freagrach as aire a thabhairt don anam sin.