Labhair muid le hAindriú de Paor agus Hugh Carr, láithreoirí An Club le hAindriú agus Hugh a bheidh á chraoladh 9-10pm ar an 10 - 13 Márta agus arís idir an 17 - 20 Márta ar RTÉ RnaG agus 2fm faoi thábhacht na Gaeilge dóibh.
Cad a chiallaíonn Seachtain na Gaeilge daoibh?
Aindriú: Is ionann Seachtain na Gaeilge agus céiliúradh domsa. Céiliúradh ar theanga, stair agus oidhreacht na tíre. Ní hamháin sin, ach is deis é an cúpla seachtain seo mo bhuíochas a ghabháil leis an teanga as gach a thug sí dom. Thug an Ghaeilge an oiread sin deiseanna dom agus is deis í Seachtain na Gaeilge mo bhuíochas a ghabháil leis an teanga tríd iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh ina treo. Is minc go mbíonn eagla ar dhaoine roimh rudaí nach dtuigeann siad, agus ní drochrud é sin - 'sé an nádúr é! - ach táim ag iarraidh a léiriú do dhaoine go bhfuil an oiread sin féidireachtaí sa teanga. D'fhéadfá a bheith cosúil liomsa agus an post is fearr ar domhan a fháil agus bualadh do ghrá geal a bhuí leis an teanga. Tá saol iomlán eile amach romhat sa teanga, níl ort ach an doras a oscailt agus siúl tríd.
Hugh: Tá sé ar nós Nollaig na nGael, nach bhfuil? Bíonn buzz iontach timpeall, agus tá cuma ar an scéal go bhfuil rud ar siúl in achan coirnéal den tír. Níl mé in ann m'Instagram a oscailt gan imeacht ollmhór nua a fheiceáil ar scéal duine inteacht. Is ceiliúradh iontach é don teanga agus don chultúr, agus ní amháin sin, ach is leithscéal é d'fhoghlaimeoirí nó daoine a bhfuil pioc suim acu sa teanga triail a bhaint as rud inteacht úr.
Tá muid ag maireachtáil tríd ré órga don Ghaeilge (a deirtear) an n-aithníonn sibh sin i bhur gcuid oibre? Cad iad na buaicphointí le blianta beaga anuas?
Aindriú: Gan dabht táimid ag maireachtáil tríd ré órga don Ghaeilge. Dá ndeirfeá liom deich mbliana ó shin go mbeadh banna ag rapáil i nGaeilge ar na hardáin is mó ar domhain agus ag na féilte is iomráití atá ann, is beag go gcreidfinn thú, ná bac le rá go mbeadh Elton John gafa leo freisin. Tá éacht déanta ag Kneecap ar son na teanga. Chonaic mé ag Electric Picnic iad agus slua mór millteach ann le féachaint orthu. Smaoinigh mé siar le bheith ag féachaint orthu sna luath laethanta agus gan ann ach slua beag Gael. Is iontach an rud é an dul chun cinn sin agus an tionchar atá tar éis a bheith acu ar dhaoine tabhairt faoi foghlaim na teanga a fheiceáil, ní amháin anseo in Éirinn ach timpeall an domhan chomh maith.
Buaicphointe ceoil eile ná go bhfuil Féile Cheoil lán-ghaeilge ar an bhfód le 10 mbliana anois. Is iontach an rud é go bhfuil a leithéid d'Fhéile na Gealaí ag dul ó neart go neart. Tá cuimhní cinn deasa agam ón gcúpla uair go raibh an deis agam freastail ar an bhféile.
Ní fhéadfainn labhairt ar bhuaicphointí ne teanga le cúpla bliain anuas gan An Cailín Ciúin a luath. Scannán álainn a thaitin go mór liom. Bhí na deora liom agus mé ag siúl amach doras na pictiúrlainne théis féachaint air. Ba lá ollmhór don teanga é nuair a aimníodh é do Ghradam Oscar.
Thug an trí buaicphointe sin spreagadh agus inspioráid do chruthaitheoirí Gaeilge agus tá tairbhe an spreagadh sin le feiceáil agus le cloisteáil anois, agus táim cinnte go mbeidh níos mó rudaí ar ard-chaighdeán le teacht sna blianta atá amach romhainn.
Hugh: Ó thosaigh mise ag obair sna meáin i nGaeilge, ní raibh riamh an méid tóir ar ábhar tríd an teanga agus atá sa lá atá inniu ann. Tá an-rath ar ealaín Ghaelach, tá líon foghlaimeoirí ag pléascadh timpeall na cruinne, agus tá sé i bhfad níos feiceálaí faoi láthair. Caithfidh mé a rá go bhfuil éacht iontach bainte amach ag lucht Gaeltok as ucht an teanga a normalú don aos óg, ag tabhairt an teanga as an seomra ranga do neart páistí.
Cad iad na moltaí a bheadh agaibh do dhaoine atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid?
Aindriú: Déanann cleachtadh máistreacht. Aimsigh cúis leis an teanga a úsáid. Roghnaigh rud go bhfuil spéis agat ann; bíodh sé ceol, leabhair nó spórt de shaghas éigin, agus téigh sa tóir ar ghrúpa a phléann nó a dhéanann na rudaí sin i nGaeilge. Cabhróidh sé sin leat dul i gcleachtadh ar an teanga i láthair nádúrtha nach aip nó seomra ranga é. Cuirfidh sé iachall ort freisin triail a bhaint as foclóir agus téarmaí nua, agus tugann sé deis duit foghlaim agus botúin a dhéanamh in áit neamhfhoirmeálta. 'Sé ag déanamh botún an bealach is fearr le rud ar bith a fhoghlaim. Cé go bhfuil sé deacair, caithfidh tú aon imní atá ort faoi bhotúin a dhéanamh a chaitheamh uait. Bígí ag gáire faoi na botúin agus foghlaim na gceachtanna a thagann leo le meangadh gáire ar d'aghaidh in áit imní nó scanradh a bheith ort an focal mícheart a rá.
Hugh: Tá i bhfad níos mó Gaeilge agat ná a shílfeá! Bíodh féinmhuinín agat sa mhéid atá le rá agat. Déan do dhícheall an teanga a normalú trasna do shaol iomlán. Labhair le daoine chomh minic agus is féidir, agus ná bíodh náire ort ceist a chuir má tá focal in easnamh agat. Creid ionat féin!
An bhféadfadh sibh 3 traic Gaelach a roghnú a thaitníonn go mór libh?
Aindriú: Tá sé deacair orm díreach trí chinn a roghnú. D'fhéadafainn a bheith anseo ar feadh an lae ag liostáil amhráin ó Kneecap, Kíla, IMLÉ agus srl. ach seo trí amhrán a tháinig amach le cúpla mí anuas go bhfuilim an-thógtha leo.
Burnchurch - Samba na hÉireann - Táim an-thógtha leis an gceann seo. Tá mothú an tSamhraidh le braith go tréan ann.
Mischa & The Bear - Abair - D'aistrigh siad amhrán dá gcuid go Gaeilge do Sheachtain na Gaeilge. Taitníonn ceol Mischa & The Bear liom agus táim ar bís go bhfuil amhrán curtha amach I nGaeilge acu anois.
Le Boom - FÓS - Tháinig an ceann seo amach i dtreo dheireadh na bliana seo caite agus is bop ceart é!
Hugh: An Baitsiléir le Clann Mhic Ruairí, Ainnir Gan Snáth le Súil Amháin, agus Fuaim Ceilte le Fíobha.
Éist le An Club le hAindriú agus Hugh ar 2FM an 9 Márta agus ar Raidió na Gaeltachta ón 10 – 13 Márta agus ón 17 – 20 Márta ag 9.00pm.