Labhair muid le Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir Pé Scéal É ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an obair atá ar bun acu ardán a thabhairt do dhaoine óga le Gaeilge.
Cad é a sprioc lucht éisteachta atá ag Pé Scéal É? An bhfuil sé dúshlánach na daoine sin a mhealladh i dtreo an raidió sa ré dhigiteach?
An sprioc is mó atá againn leis an tsraith 'Pé Scéal É' ná ardán a thabhairt do dhaoine óga. Is clár siamsaíochta muid atá dírithe ar 'spin maith' a chur ar dhaoine don deireadh seachtaine 's muid ag craoladh beo chuile Dé hAoine. Is maith linn bannaí agus amhránaithe a bheith ag casadh ceoil beo dhúinn, aíonna spraíúla a bheith i mbun cainte linn agus gáire a dhéanamh! Cinnte sa ré dhigiteach is dúshlán atá ann d'aon duine atá ag obair sna meáin thraidisiúnta mar go bhfuil an oiread ardán ar fáil anois agus an oiread roghanna ag daoine ar na meáin shóisialta, ach sílim go bhfuil pobal álainn cruthaithe againn agus an-suim ag daoine a bheith ar an gclár linn agus a scéal féin a inseacht. Is breá linn a bheith ar an mbóthar freisin agus i lár an aonaigh ag féiltí nó imeachtaí.. má tá rud éicint suimiúil ar siúl ag an dream óg déanfaidh muid chuile iarracht a bheith ann!
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Conas a thugann sibh an clár le chéile gach seachtain? An bhfuil workflow ar leith a oibríonn don fhoireann?
Mé féin agus Treasa Bhreathnach a bhíonn ag obair ar an gclár le chéile agus cé go n-athraíonn an leagan amach a bhíonn ar ár seachtain oibre ag brath ar ábhar an chláir, oibríonn muid an-mhaith le chéile! Is léiritheoir iontach í Treasa a bhfuil taithí na mblianta aici agus tá mé ag foghlaim an oiread uaithi, mar cé go bhfuil mé ag obair sna meáin le blianta mé féin, tá mé fós nua sa raidió! Go hiondúil déanaim mé taifeadadh ar phacáiste nó dhó chuile sheachtain agus déanann muid iarracht cúpla imeacht a bheith leagtha amach againn sa bhféilire 's muid ag breathnú chun cinn. Bíonn míreanna rialta againn chuile mhí agus déanann muid iarracht ceol beo a bheth againn go seachtainiúil agus líonann muid an chuid eile den chlár ansin le scéalta reatha.
Cad iad na cláracha raidió/ podchraoltaí a gcuireann tusa spéis iontu?
Éistim le meascán mearaí de phodchraoltaí! Tá an-suim go deo agam i gcúrsaí spórt agus nuair a bhím ag siúl 's maith liom éisteacht le podchraoltaí a dhéanann léirmheas ar an deireadh seachtaine spórt nó a bhreathnaíonn chun cinn...is breá liom OfftheBall agus The42, ach ansin is breá liom briseadh ón spórt freisin mar sin éistim le 'My Therapist Ghosted Me' agus podchraoladh Fearne Cotton 'Happy Place', ceann Davina McCall 'Begin Again'-podchraoltaí ina mbíonn daoine ag caint 's ag cómhrá. Má tá mé ag taisteal éisteoidh mé le closlebhair agus is breá liom na 'docs on one' nuair atá mé ar laethanta saoire!
Is minic a bhíonn daoine ag cuartú deiseanna úsáidte don Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge agus dár ndóigh, tríd an mbliain ar fad, an bhfuil moltaí ar bith agat féin dóibh?
Sílim go bhfuil na meáin iontach le daoine a mhealladh i dtreo na teanga, mar go bhfuil leithidí TG4 agus Raidió na Gaeltachta dírithe ar chláir siamsaíochta a chur ar fáil do dhaoine ach is trí mheán na Gaeilge atá siad, mar sin tá daoine ag éisteacht agus ag teacht isteach ar an teanga in ionas dhóibh féin. Chaith mé chúig bliana déag ag láithriú Rugbaí Beo ar TG4 agus bhíodh daoine ag teacht aníos agam go minic ag rá gur fhoghlaim siad an oiread Gaeilge agus iad ag breathnú ar chluiche rugbaí.
Tá rogha iontach podchraoltaí ann freisin atá dhá-theangach do dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach ar an teanga de réir a chéile-tá ag éirí iontach le leithidí 'How to Gael'. Agus bíonn go leor imeachtaí ar siúl freisin, trí mheán na Gaeilge agus an-tóir orthu, mar téann tú ar oíche amach le do chairde agus tá tú ag breathnú ar seó grinn trí Ghaeilge nó ag éisteacht le bannaí ag canadh amhrán i nGaeilge agus i mBéarla. Is fiú, má tá tú ar TikTok roinnt 'Gaeltokers' mar a thugtar orthu a leanúint...tá siad an-chabhrach agus tugann siad nathanna cainte agus foclóir do dhaoine i mbealach simplí.
Éist le Pé Scéal É ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine idir 3 agus 5