Gach mí, roghnaíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta leabhar na míosa. An mhí seo, An Cláirseoir le Diarmuid Johnson a roghnaíodh agus a phléifear ar an raidió. Labhair muid leis an údar faoin leabhar agus a phróiséas cruthaitheach.
Cad a spreag thú le tabhairt faoin saothar seo?
Is é tionchar na hiasachta ar Éirinn an téama mór i mo shaothar próis-se. Sin é is croí do na trí leabhar i sraith na Teamhrach - Éadaoin, Tuatha Dé Danann agus Conaire Mór. Cúrsaí flaithiúnais; críochghabháil agus críochghéilleadh; ionradh agus freasúra. Sampla eile dá leithéid - ach é droim ar ais - atá sa leabhar Ceallach: scéal na manach a chuaigh ar eachtra agus ar oilithreacht go críocha na Fraince agus na Gearmáine sa 6ú haois. Is é scéal theacht na Normannach an lúb is deireanaí i slabhra an tsaothair liteartha seo.
An raibh mórán taighde le déanamh agat sula ndeachaigh tú i mbun pinn?
Scéal céad bliain atá i scéal an leabhair. Scéal trí thír. Dá réir sin, bhí taighde nach beag le déanamh. Chaith mé dhá bhliain ag léitheoireacht. Bhí ábhar ann i dteangacha éagsúla - an Ghaeilge, an Béarla, an Bhreatnais agus an Fhraincis. B'éigean dom 30 nó 40 leabhar a léamh sula raibh mo dhóthain misnigh agam leis an scéal a scríobh.
Cé air a bhfuil an leabhar seo dírithe?
Seo leabhar eile i gcomhair mo phobail léitheoireachta féin. Le deich mbliana anuas nó mar sin, tá an pobal sin dílis dom agus bíonn siad ag tnúth le hábhar uaim a mbeidh téagar agus taitneamh ann.
An gceapann tú go bhfuil scéal na Normannach ar eolas ag muintir na hÉireann?
An scéal atá inste agamsa san úrscéal 'An Cláirseoir, scéal atá fáiscthe as na foinsí staire, is scéal é nach raibh ar eolas ag mórán duine ar bith in Éirinn cheana. Scéal é a bhfuiltear dall air. Scéal eile!
Cad atá á léamh agat féin i láthair na huaire?
Beirt úrscéalaithe móra: Thomas Mann na Gearmáine agus William Owen Roberts na Breataine Bige. Trí leabhar le Thomas Mann: Der Tod in Venedig, Buddenbrocks agus Der Zauberberg. Úrscéal eipiciúil éachtach le Wil Roberts dar teideal Paradwys. Sin cuid den réiteach le haghaidh úrscéal eile atá ar na bocáin agam. I Ros a' Mhíl a bheas an leabhar sin suite. Is í aimsir Napoleon a bheas faoi chaibidil inti.
Tá an leabhar ar fáil ón bhfoilsitheoir, Leabhar Breac, anseo.
Beidh an leabhar á phlé ar An Cúinne Dána agus ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.