Thug Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds a chéad chuairt oifigiúil ar ar an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn sa Spidéal, Conamara chun na deiseanna comhoibrithe idir an dá oifig.
Rinne Pól Deeds agus Séamas Ó Concheanainn agallamh le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a craoladh maidin inniu.
Mhínigh Pól Deeds do Ghormfhlaith na bealaí ina dtiocfadh leo obair le chéile, agus foghlaim óna chéile. Labhair sé chomh maith faoi na spriocanna atá leagtha amach aige, agus faoi na caighdeáin dea-chleachtais atá á fhorbairt aige.
Ceistíodh é faoi ráiteas a rinne ionadaí ón gcumann Gaelach in Ollscoil na Banríona a bhí thar a bheith míshásta mar gheall nach raibh an Ghaeilge san áireamh sa treoir comhionannais a bhí foilsithe ag an Ollscoil maidir le comhionannas agus ionchuimsiú.
Dúirt sé: "Gheall mé dóibh go bhfuil mé ag tógáil na ceiste leis an ollscoil an tseachtain seo chugainn... beidh mé ag iarraidh é sin agus ceist na gcomharthaí dátheangacha a thógáil go hoifigiúil leo. Ach léiríonn na ceisteanna seo ar fad an áit a bhfuil muid ar an aistear seo. Ní hea go bhfuil muid go díreach fiche bliain taobh thiar den deisceart ó thaobh bhunadh oifigí an Choimisinéara de, tá muid blianta fada taobh thiar ó thaobh aitheantas ar bith do luach na mionteangacha, agus is léir sin i gcuid de na hinstitiúidí atá againn sa saol poiblí ó thuaidh."
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.