skip to main content

Pobal Dhoire faoi scamaill an bhróin

Tá pobal Dhoire faoi scamaill an bhróin faoi láthair de bharr na tragóide inár maraíodh beirt fhear as Doire, a dúirt Easpag Dhoire, Dónall Mc Keown in agallamh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Maraíodh Daniel Cullen, ocht mbliana déag d'aois agus Caoimhín Porter, ocht mbliana déag d’aois as ceantar Sheantalaimh i gCathair Dhoire, nuair a bhí an carr ina raibh siad i dtimpiste le leoraí ar bhealach an R236 i mBaile Suingean oíche Mháirt.

Dúirt an tEaspag McKeown, in agallamh le Michelle Nic Grianna ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil pobal láidir i nDoire, agus go dtiocfaidh siad fríd na laethanta dorcha seo

"Tá taithí ag pobal Dhoire ó am na dtríoblóidí ar thragóidí agus tá tuiscint ag pobal Dhoire anois nach gá ach seasamh leis na daoine agus na teaghlaigh atá faoi bhrón."

"Leis na trioblóidi, tá paróistí láidre againne anseo, ní go bhfuil siad san Eaglais gach Domhnach ach go dtagann siad le chéile ina amanna mar seo agus tá an pobal ábalta a theacht le chéile agus tacú lena chéile. Tiocfaidh siad fríd na laethanta iontach deacra seo, go speisialta agus na hAifrinn tórraimh ag an deireadh seachtaine seo"

Tiocfaidh an pobal le chéile agus tacóidh an pobal leis na daoine atá faoi scamall an bhróin de bharr na tragóide seo, a dúirt an tEaspag McKeown.

"Tá daoine sa chathair seo a chaill baill teaghlaigh sna blianta seo chuaigh thart, agus tuigeann siadsan cad atá i gceist anseo, agus nach fiú rud ar bith a rá, ach seasamh leis na teaghlaigh agus a rá, tuigim, tuigim, tuigim....

Tá sé iontach deacair dona teaghlaigh agus a gcairde agus do dhaoine óga atá faoi bhrú, agus caithfidh muid a theacht le chéile mar phobal na cathrach agus mar phobal Dé sna paróistí chun tacaíocht a thabhairt dona teaghlaigh."

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.