Cothrom an lae inniu, ceithre bhliain ó shin a thosaigh an chogadh agus a rinne na Rúisigh ionsaí ar an Úcráin. Labhair Nadia Dobrianska agus Misha Yerhidzé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dtaithí in Éirinn agus faoi staid reatha na hÚcráine ó shin.
Labhair Nadia ar a taithí anseo in Éirinn agus an fháilte a cuireadh roimpi, ach go háirithe an lucht acadúil agus pobal na Gaeilge. Cailleadh máthair Nadia agus iad anseo in Éirinn agus deir sí go bhfuil sí cinnte nach gcaillfí murach an cogadh san Úcráin. Tá Nadia ag cur fuithí i gCorcaigh lena hathair agus deir sí go bhfuil sí fíorbhródúil as mar go bhfuil sé chomh gníomhach sa phobal i gCorcaigh. Deir Nadia go mothaíonn sí gurb í Éire 'an dara baile' atá aici. Tá Nadia ag cur críoch le céim dochtúireachta anois in Éirinn ar ábhar na Gaeilge agus ar stair na hÉireann.
Labhair Misha Yerhidzé, buachaillín a theith ón gcogadh agus atá ag cur faoi ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne le hAoife Ní Shuilleabháin ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin inniu. Dúirt Misha gur maith leis a bheith ina chónaí i gCorca Dhuibhne ach go mbraitheann sé uaidh a sheanthuismitheoirí agus a chairde san Úcráin.
Labhair Aoife le Máire Uí Léime chomh maith maidir leis an bpobal ón Úcráin ó dheas, an fáilte a cuireadh rompu, na dúshláin agus na deacrachtaí atá acu - gur "tithíocht an rud is measa sa Néidín" dóibh faoi láthair, agus mná ón Neidín agus ón Úcráin a thagann le chéile gach seachtain chun bróidnéireacht fhíneálta ón dá cheantar a roinnt lena chéile.
Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.