skip to main content

Conas go ndeachaigh na Foo Fighters go Corca Dhuibhne?

Labhair Philip King ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na Foo Fighters a thabhairt chomh fada le Corca Dhuibhne le iad a chur ar an stáitse le Other Voices.

Dúirt King go bhfuair sé ríomhphost ó MCD ag fiafraí faoi na féidearthachtaí a bheadh ann na Foo Fighters a thabhairt chuig an Daingean le gig beag a dhéanamh in Eaglais Naomh Shéamuis. Chuir King fáilte mhór roimh an scéal agus tháinig daoine ar cuairt leis an áit a fhiosrú maidir le líon daoine agus mar sin de. Ar deireadh, Dé Sathairn, tháinig an banna ceoil go Dúthaigh Duibhneach agus sheinn siad gig sa seipéal cáiliúil, áit a raibh spás ann do cheithre scór a bheith sa lucht féachana.

Portrait
Philip King, Other Voices.

Cé go raibh na pleananna ag teacht le chéile, bhí Philip in amhras go dtiocfaidís in aon chor. Ach, thaifead an banna clár Graham Norton in Sasana sular thug siad aghaidh ar aerfort Chiarraí agus landeáil siad i gCorca Dhuibhne leis an gig speisialta a dhéanamh sa bhaile beag Gaeltachta.

'tá an seipeilín beag fós ina sheasamh'

Deir King go bhfuil caidreamh seanabhunaithe ag príomhamhránaí an bhanna, Dave Grohl leis an leithinis agus gur sin an chúis, a shíltear gur tháinig siad leis gig beag mar seo a dhéanamh. 'Tháinig siad agus rinne siad gaisce', a dúirt King.

Bhí an banna le feiceáil an oíche dar gcionn i mBaile Átha Cliath, áit ar ghlac Grohl le geansaí a bronnadh air mar bhronntanas.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00