skip to main content

Ardán do cheol na nGael agus amhráin nuascríofa Gaeilge

Glór ár Linne

Tugann AIRNEÁN cuireadh dúinn oíche a chaitheamh i gcomhluadar suáilceach le sult a bhaint as ceol nuascríofa agus traidisúnta na nGael atá á reáchtáil ag Raidió Rí-Rá, le béim ar deiseanna a thabhairt do cheoltóirí comhaimseartha na Gaeilge.

Ag an gcéad oíche seo (sraith sé n-ócáid), cloisfear:

Holly Munro, Blue Niall, Méabh Mulligan agus Eva Carroll, Éire & Chulainn

Casfaidh Holly Munro ceol óna EP aoibhinn Domsa Duitse Oscailte, roinnfidh rapálaí Blue Niall scéalaíocht thar bhuillí, casfaidh Méabh Mulligan agus Eva Carroll amhráin agus bailéidí, agus cuirfidh Éire & Chulainn ar ár suaimhneas muid le ceol maistriúil agus glórtha binn. Tugtar cuireadh daoibh blaincéid, cúisín, nó stocaí clúimheacha a thabhairt leat don tráthnóna compordach, teolaí, croíúil seo.

Glór ár Linne

Seolfar scéim Glór Ár Linne 2026, tionscnamh tacaíochta do cheoltóirí atá á reáchtáil ag Raidió Rí-Rá, ag an oíche speisialta seo le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge, Éire Ildánach agus Rí-Rá Beer.

Fumbally Stables 19 Márta 2026, 19:30 - 22:30

Ticéid ar fáil anseo

Glór Ár Linne

Scéim tacaíochta do cheoltóirí Gaeilge is ea Glór Ár Linne a chuireann traenáil, gréasánaíocht, agus deiseanna cruthaitheachta ar fáil do cheoltóirí, agus a fheidhmíonn mar gníomhaireacht a bhfuil sé mar aidhm aici ceoltóirí Gaeilge a chur ar ardáin ag féilte náisiúnta agus deiseanna eile a lorg ar a son. I measc na gceoltóirí atá cláraithe leis an scéim go dtí seo tá Jessie & the Veil, Megan Nic Ruairí, Seamus Hyland, Lisa Murray, Earthmover, Trá Pháidín, Leatsa, agus tuilleadh. Tá scéim 2026 ar oscailt anois le tuilleadh eolais agus iarratais ag Glór Ár Linne - Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá atá ag craoladh trí Ghaeilge ó 2008, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí agus bíonn an chaint ar fad déanta trí Ghaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce. Tá sceideal lán le ceol, spraoi agus greann againn gach lá ar Raidió Rí-Rá. Beidh Raidió Rí-Rá BEO ar FM do Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh