Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a reachtáladh ag an deireadh seachtaine i mBéal Feirste glacadh le cuid mhór rún ach sheas ceann amháin amach ar cheist athaontaithe na hÉireann.
Sraith Rún rite ag craobhacha agus teachtaí ar maidin a threoraíonn an eagraíocht gníomhú ar an ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta, ar an leasuithe sna córas oideachais, ar cheist an mhaoinithe thuaidh theas, maidir le cearta teanga, an intleacht shaorga agus neart mór-cheisteanna eile
An gníomhaí teanga agus pobail, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ó Bhéal Feirste, ath-tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge
Thit príomh-ghnó Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge amach inniu nuair a tháinig craobhacha, baill agus teachtaí le chéile chun rúin a phlé san Óstán Europa i mBéal Feirste. Bhí breis agus 60 rún le plé a bhí curtha i láthair agus molta ag craobhacha agus ag baill de Chonradh na Gaeilge. D'éirigh le teachtaí seasamh a aontú ar bhreis agus 40 den 60 rún a bhí ar chlár na hArd-Fheise, agus ceall ama, cuirfear na rúin eile nár pléadh ar maidin ar aghaidh chuig an Choiste Gnó nua a toghadh maidin inniu.
I measc na mór-rún a ritheadh, glacadh le:
Rún 1(a), rún bunreachtúil, ag moladh go gcuirfear isteach an cuspóir nua seo a leanas i mbunreacht Chonradh na Gaeilge: "(i) Gníomhú i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta", molta ag Coiste Ceantair Bhéal Feirste; agus Rún 1 (b) agus (c) ag moladh gur cheart do Chonradh na Gaeilge "seasamh oscailte, dearfach" a thógáil i leith Éire Aontaithe, "bunaithe ar chomhionannas, ar mheas frithpháirteach agus ar chearta teanga do chách", molta ag Craobh 1916 agus Craobh Liú na Laoi.
Rúin maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge ó dheas ina moltar go ndéanfadh Conradh na Gaeilge abhcóideacht ar son polasaí go mbeadh 20% de dhaltaí ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge laistigh de 20 bliain, agus go gcuirfear é seo mar chuid de reachtaíocht mar atá molta ag an bhfeachtas IMEASC, agus a éilíonn gníomh ón Aire Oideachais Hildegarde Naughton marcanna bónais a thabhairt do Rang na hArdteistiméireachta 2026.
Rúin maidir leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, a éilíonn gníomh ón Aire Tithíochta, James Browne, ar mholtaí an Chonartha, TINTEÁN agus BÁNÚ le tithíocht a chinntiú sa Ghaeltacht agus go dtabharfaí cumhachtaí reachtúla, maoiniú agus acmhainní breise d’Údarás na Gaeltachta chun tithíocht a fhorbairt agus rannóg tithíochta ar leith a bhunú laistigh den Údarás.
Rúin 6 (a,c & d), cé gur mhol an Ard-Fheis an maoiniú breise curtha ar fáil i 2026, aontaíodh nár leor an €2-3 mhilliún sa bhreis a bheidh ag Foras na Gaeilge in 2026 chun na fadhbanna stairiúla maoinithe atá ag eagraíochtaí Gaeilge a réiteach agus a éilíonn ar an dá rialtas maoiniú sásúil a chur ar fáil d’earnáil na Gaeilge mar atá molta sa Phlean Fáis - Plean Infheistíochta don Gaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029.
Rún 7 (a), a bheartaíonn go gcuirtear deireadh le postáil íomhánna de dhaoine ar X agus go ndéanfar machnamh ar úsáid níos leithne an ardáin agus rúin 7(b,c,d & e) a dhearbhaíonn go mbeidh cosaint ar phobail, ar an ealaín, agus ar an gcomhshaoil mar thosaíocht ag an gConradh thar fhorbairtí eacnamaíochta ná teicneolaíochta na hintleachta saorga agus go ndéanfaidh an Chonradh iarracht gan an intleacht saorga a úsáid chomh fada is gur féidir.
Rúin 15 (a & b) a mholann go mbunófar traenáil bhliantúil, cúrsa oiliúna agus meantóireachta uair sa bhliain ar fáil do na Craobhacha uilig.
Rún 18 (a) a éilíonn ar an Chumann Lúthchleas Gael polasaí cuimsitheach Gaeilge a chur i bhfeidhm a chinnteoidh brandáil agus áiseannaí Gaeilge amach anseo, mar aon le Rún 18 (b) a thacaíonn "le feachtas na nGael i gcoinne cinedhíothaithe" agus a éilíonn "ar an CLR deireadh a chur leis an urraíocht a thugann Allianz don eagraíocht."
…agus go leor, leor eile nach iad * (Tá tuilleadh eolais ar na rúin uilig a pléadh agus a ritheadh ag bun an ráitis seo).
Mar chuid den Ard-Fheis, bíonn deis ag teachtaí vóta chaitheamh ar son Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus ar son ionadaithe (12) ar an Choiste Gnó. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin athuair mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus toghadh Coiste Gnó úrnua a bheidh ag feidhmiú go Feabhra 2027.
Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
"Is rud thar a bheith speisialta é do Chonradh na Gaeilge teacht le chéile i mBéal Feirste don Ard-Fheis den chéad uair le 30 bliain, tráth a bhfuil todhchaí na Gaeilge á plé agus á mhúnlú go gníomhach ar fud an oileáin. Léiríonn na rúin a rith na toscairí an deireadh seachtaine seo muinín agus soiléireacht ár mballraíochta faoin treo atá le leanúint ag an eagraíocht ag bogadh chun tosaigh. Is cúis mhór áthais dom gur ritheadh sraith rún maidir le hthaontú na tíre agus d’aithin muid sna rúin gur "deis nach bhfacthas riamh" é an t-athrú bunreachtúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Mar thoradh ar an athrú bunreachta ar glacadh ar maidin leis beidh an Conradh anois "ag gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus sa bhreis air sin gur féidir "normalú níos láidre don Ghaeilge a bhaint amach i gcomhthéacs Éire aontaithe, bunaithe ar chomhionannas, ar mheas frithpháirteach agus ar chearta teanga do chách."
"Ní fhéadfadh Conradh na Gaeilge feidhmiú gan ár gcraobhacha, ár mbaill, ná an obair dheonach a dhéanann gníomhaithe pobail i rith na bliana. Leanann a bhfuinneamh, a bhfís agus a dtiomantas ag tiomáint gach gné dár gcuid oibre. Tugann an Ard-Fheis deis dúinne, na baill sin, agus an obair cheannródaíoch a dhéanann siad, a aithint agus a chéiliúradh. I mbliana bhí deis againn gníomhaithe na bliana a aithint i ngach Cúige, mar aon le haitheantas náisiúnta orthu siúd a d’imir tionchar mór ar chúrsaí teanga le linn na bliana. Gabhann muid buíochas lenár mball agus lenár gcraobhacha ar fad as ucht na hoibre don teanga atá bainte amach acu le bliain anuas."
"Trí na rúin a ritheadh i mbliana, thug na baill sainordú soiléir do Chonradh na Gaeilge gníomhú sna blianta atá romhainn ar mhaithe leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, agus freisin gníomh práinneach maidir leis an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, Gaeloideachas, agus cosaint ár bpobal, ár gcultúir agus ár dtimpeallachta. Leagann na rúin seo clár oibre soiléir amach don bhliain amach romhainn agus leagann siad béim ar an ról lárnach atá ag an nGaeilge i dtógáil Éire níos cothroime do na glúnta atá le teacht."
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:
"Tá clár oibre Chonradh na Gaeilge dearbhaithe trí phróiseas daonlathach na hArd-Fheise ag ár mballraíocht. Anois, rachaimid i mbun oibre leis na rúin a aontaíodh leo inniu a chur i bhfeidhm. Bhí sé thar a bheith soiléir domsa inniu go bhfuil muid i dtréimhse chinniúnach anseo maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus mhothaigh mé an phráinn i dteachtaireachtaí na dteachtaí arís agus arís eile le linn an phlé ar na rúin, idir cúrsaí maoinithe, tithíocht sa Ghaeltacht, cur i bhfeidhm reachtaíochta thuaidh agus theas, mar aon le polasaithe don Ghaeilge sa chóras oideachais agus Gaelscolaíochta ar fud na tíre."
"Léiríonn na rúin a ritheadh dearcadh soiléir gur gá pleanáil a dhéanamh don Ghaeilge ar bhonn uile-oileáin, agus go bhfuil ról tábhachtach le himirt ag Conradh na Gaeilge i múnlú plé amach anseo agus muid gníomhú i dtreo Éire Áontaithe, agus sin a dhéanamh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, bunaithe ar chomh ionannas agus cearta teanga do chách. Mar eagraíocht náisiúnta, tá freagracht againn a chinntiú go mbíonn muid go síoraí ag leabú ár n-eileamh sa dea-chleachtas maidir le cosaint agus forbairt teanga. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag cur brú ar an dá rialtas ar na mór-cheisteanna a tháinig chun cinn ag Ard-Fheis na bliana seo, go háirithe maidir leis an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, maidir le maoiniú cothrom, inbhuanaithe a bhaint amach i gcomhréir le riachtanais phobail na Gaeilge ar fud an oileáin, chun gníomhú i dtreo leasuithe tábhachtacha oideachais agus polasithe teanga thuaidh agus theas."