skip to main content

'Géarleanúint chórasach' ar phobal Bahá'í san Iaráin

Labhair beirt bhall den phobal Bahá'í in Éirinn, Sahar Rahmani agus Dr Iarfhlaith Watson ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis an géarleanúint atá ar siúl san Iaráin.

Ag cur síos ar an gcreideamh, dúirt Sahar go bhfuil aontacht an chine dhaonna, ar chothrom na féinne, ar chomhionannas idir fir agus mná agus ar cheartas.

níl aitheantas oifigiúil ag an gcreideamh san Iaráin agus dá réir, níl cead ag an bpobal Bahá'í a gcreideamh a chleachtadh. Tá an géarleanúint córasach, a deir Rahmani agus ciallaíonn sé go gcailleann daoine a bpoist, nach gcuirtear oideachas ollscoile ar fáil dóibh chomh maith le go leor leathcheal eile.

Iranian flag waving with cityscape on background in Tehran, Iran

Deir Dr. Iarfhlaith Watson nach bhfuil eolas ag muintir na hÉireann ar an gcreideamh, gan trácht ar an tslí go bhfuil rialtas na hIaráine ag caitheamh leo. Cuireadh an 'Báb', bunaitheoir an chreidimh chun báis agus deir Watson go bhfuil cúrsaí imithe in olcas sa tír le caoga bliain ó shin. Tá an pobal anois faoi bhrú sa tír. Tá seasamh láidir tógtha ag Rialtas na hÉireann i gcoinne na géarleanúna seo, dár le Watson.

Labhair Sahar ar na dúshláin atá roimh an bpobal an fhírinne a chur os comhair an phobail nuair atá bréaga á bhfoilsiú ar na meáin chumarsáide san Iaráin go leanúnach.

'Bíonn na Bahá'í ag iarraidh an domhan a dhéanamh níos fearr, ní leofa féin ach leis na comharsain', a deir Watson.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.