skip to main content

Téada @ 25 sa Cheoláras Náisiúnta: Cuimhní, ceol agus cairdeas

Téada ag ceiliúradh 25 bliain

Scríobhann an craoltóir agus ceoltóir, Tristan Rosenstock mar gheall ar an oíche cheiliúrtha a bheidh ag an ngrúpa ceoil, Téada sa Cheoláras Náisiúnta ar an 26 Feabhra.

Naoi mbliana déag d'aois a bhíos nuair a luaigh an fidleir Oisín Mac Diarmada liom gur theastaigh uaidh grúpa a chur le chéile le haghaidh clár ceoil ar TG4 darbh ainm Flosc. Ní raibh ainm ag an ngrúpa, mar sin thug an láithreoir Cormac de Barra ainmneacha na gceoltóirí amach: Oisín Mac Diarmada, Seán McElwain, John Blake, Brian Fitzgerald agus mé féin. Go gairid ina dhiaidh sin iarradh orainn cúpla gig a dhéanamh timpeall na tíre. Bhí gá le hainm! Téaduirlisí go príomha a bhí againn – fidil, bainseó, basúcaí, giotár agus bodhrán. "Cad déarfá le Téada?" arsa mise.

Níor thuigeamar ag an am go mbeadh muid fós ag seinm faoin ainm sin 25 bliain níos déanaí! Tháining forbairt ar fhuaim an ghrúpa in imeacht na mblianta nuair a tháinig daoine nua ar bord ach d’fhan ainm an ghrúpa.

Éist anseo le Téada ag caint le Miriam O' Callaghan faoin gceiliúradh ar Sunday with Miriam.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tugann an ceol an-chuid deiseanna do dhuine, agus ag barr an liosta sin tá deiseanna taistil. Tá cuid mhaith den domhan feicthe againn faoin dtráth seo mar go mbíonn éileamh ar an gceol Gaelach i ngach tír ar domhan, geal leis - ón Astráil go Zimbabwe! Is i Meiriceá a sheinnimid go príomha le 25 bliain anuas agus tá an-chuid cairde a thagann chun muid a fheiceáil bliain i ndiaidh bliana trasna an Atlantaigh. Ach sheinneamar chomh maith i lár na foraoise i mBoirneo, i lár bhaile Unesco Campeche Mheicsiceo, sa Chiorcal Artach i dtuaisceart na Fionnlainne agus i gceoláras maorga i Tokyo. Sea, bíonn an-éagsúlacht ann! Agus d’fhéadfadh go mbeadh an-éagsúlacht in aon lá amháin fiú. Cuimhním ar Lá 'le Pádraig ar leith a chaitheamar i bPáras; sheinneamar in Ambasáid na hÉireann ag 6pm, ansin leis na Dubliners in amharclann álainn ag 8pm, agus ansin i EuroDisney ag meanoíche. Vive la difference!

Téada
Téada

An cairdeas a chothaíonn an grúpa. Agus cairde ceoil an ghrúpa a thagann i gcabhair orainn nuair nach féidir le duine againn dul ar an mbóthar. Is gá a bheith solúbtha mar ghrúpa agus rudaí a choinneáil luafar. Ní mhairfidh an rud atá ró-righin. Is álainn an rud aoi-amhránaí a thabhairt linn ó am go ham. Thugamar cuireadh do laoch mór Chiarraí Séamus Begley teacht ar camchuairt linn agus ag deireadh na camchuairte arsa Séamus "cá bhfuil ár dtriail ina dhiaidh seo?". Dhá bhliain déag a chaith Séamus ag taisteal le Téada. Pribhléid ar leith ab ea é. Samhlaigh an t-amhránaí is ansa leat suite le do thaobh ar an ardán oíche i ndiaidh oíche. Dúirt sé i gcónaí gurb é an t-aon feirmeoirí sna 60í ar iarradh air a bheith in ‘boy band’. Fathach fir ab ea é. Amhránaí eisceachtúil, rógaire agus raconteur, cara dílis. D’imigh sé uainn trí bliana ó shin agus airímid uainn go mór é.

Méabh Ní Bheaglaoich, iníon Shéamuis, nach maireann.

Beidh iníon Shéamuis – Méabh Ní Bheaglaoich – inár dteannta don choirmcheoil speisialta a bheidh againn sa Cheoláras, mar aon le hamhránaí Shligigh Niamh Farrell. Tá ríméad an domhain orainn a bheith ag comhoibriú le Ceolfhoireann RTÉ agus tá cóirithe ceoil draíochtacha cruthaithe ag Ryan Molloy, Mathew Berrill agus Michael Keeney dúinn. Beidh cuid de na píosaí ceoil a thaifead muid le 25 bliain anuas á chur i láthair an phobail againn ar bhealach iomlán nua agus táimid chomh buíoch as an deis iontach seo.

Bhí ré órga faoi lán seoil nuair a thosaigh muid féin amach agus táimid go mór faoi chomaoin ag na grúpaí eile a chruthaigh lucht féachana don cheol Gaelach i gcéin is i gcóngar, leithéidí The Chieftains, Altan, Dervish, Danú, Lúnasa, Solas. Is maith is cuimhin liom sluaite a fheiceáil ag teacht amach ag tús an chéid seo chun na grúpaí sin a fheiceáil. Braithim go bhfuil ré órga nua tagtha arís agus go bhfuil lucht féachana anseo sa mbaile ag dul i méid is i méid agus go santaíonn siad ceol beo a sheinntear le croí agus anam. Tá cuimhne agamsa go fóill ar na coirmeacha sin ar fhreastail mé orthu 25 bliain ó shin. Agus tá súil agam go mbeidh oíche againn go léir sa Cheoláras Náisiúnta ar an 26 Feabhra a fhanfaidh inár gcuimhne go ceann i bhfad.

Cuireann Tristan Rosenstock an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus an clár Céilí House i láthair ar RTÉ Raidio One.

Beidh Téada agus Ceolfhoireann RTÉ ag seinm sa Cheoláras Náisiúnta ar an 26 Feabhra. www.nch.ie

Craolfar an cheolchoirm amach anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.