Scríobhann an ceoltóir Úna Ní Fhlannagáin mar gheall ar an óstán atá ceannaithe aici ar Inis Meáin agus na pleananna atá aici le hionad cultúrtha a oscailt ann.
Rugadh agus tógadh mé in oirthear na Gailllimhe, áit atá talamh maith, go leor crainnte, agus i bhfad ón fharraige. Rinne mé go leor taistil do mo chuid oibre mar cheoltóir; nuair nach raibh mé ag taisteal, d'aon ghnó chuir mé fúm gair le cathracha, chun deiseanna proifisiúnta a thapú. Agus mé ag scriobh seo, táim ar charraig, i lár na farraige, ag athchóiriú sean-fhoirgneamh! Cén chaoi, ó thalamh an domhain, gur tharla seo?
Bhí mé ag obair go lán-aimseartha mar cheoltóir, lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, nuair a tháinig COVID i 2020. Go tobann, d'athraigh tírdhreach mo shaol proifisiúnta go mór. Ní fhéadfainn seisiúin nó ceolchoirm ar bith a dhéanamh; ní raibh a fhios agam an mbeadh 'gig' ann riamh arís, fiú. Bhí an t-ádh dearg orm; fuair mé beagán oibre ó Alan Burgess, in Ionad Oidhreachta Bhaile Átha an Rí. D'iarr sé orm físeáin a dhéanamh faoi stair na cláirsí, don Fhéile Bailte Murtha. Agus me ag déanamh taighde faoi chláirseacha ársa na nGael, musclaíodh suim ionam i stair na hÉireann roimh theacht na Críostaíochta. Bhí mé gafa ag smaoineamh ar na luachana, na scileanna, na nósanna, an stíl bheatha a bhí ag na Gael sa réamhstair… agus ag cur ceist orm fhéin, 'An bhfuil aon áit in Éirinn ina bhfuil rian sheanchultúir na nGael fós le braith?'. Théis dom na físeáin a chríochnú, bhí athrú aeir ag teastáil go géar. Bhí Contae na Gaillimhe ag leibhéal 2 dianghlasála, agus mar sin bhí cead agam taisteal taobh istigh den chontae. Bhí cáil ar Inis Meáin, an t-oileán lárnach de na hoileáin Árainn, mar sheoid dúchais, agus mar sin chinn mé dul ann ar feadh seachtaine chun sos a ghlacadh - agus b'fhéidir beagán obair bhleachtaireachta a dhéanamh maidir leis na deasghnátha agus nósanna Gaelacha a bhí beo ansin go fóill.
I rith mo chéad seachtain ar an oileán, d'airigh mé suaimhneas nár bhraith mé le fada - nó 'suímreas' mar a dheireann siad anseo! An rud is mó a chuaigh i gcion orm ná fuaimrian an oileán; ní raibh aon rud le cloisteáil ach guth an nádúr - an ghaoth, tonnta, cúpla éin. Bhí muintir an oileán fáiltiúil agus cabhrach, agus bhí mothúcháin i mo chliabhrach go raibh rud éigin maith ag tarlú, agus gur chóir dom ard a thabhairt air sin. Bhí léargas agam; don chéad uair riamh i mo shaol, ní raibh orm a bheith lonnaithe in áit faoi leith don obair - d'fheadfainn cur fúm in aon áit in Éirinn gur mian liom! Rith sé liom go bhféadfainn an deis a seo a thapú, agus iarracht a dhéanamh tairbhe éigin a bhaint as an ngéarchéim domhanda seo. Chinn mé fanacht in Inis Meáin ar feadh míosa.
Chuaigh mé ar ais go dtí an mórthír, bhailigh mé éadaí agus trealamh, agus ar ais liom go hInis Meáin i Deireadh Fómhair 2020. Is maith an rud é gur chnuasaigh mé mo ghiuirléidí, mar trí sheachtain i ndiaidh sin, bhog Éire go leibhéal 5 dianghlasála. Bhí mé sáinnithe ar oileán!
Ach ní mar a shíltear, a bítear. Bhí an nuacht náisiúnta seo cosúil le teachtaireacht ó na haingeal dom, iad ag fógairt: 'Níl cead agat na flaithis a fhágáil'. !! Bhí mé in ann rith agus snámh chuile lá; bhí mé ag féachaint ar dhún 4,000 bliain d'aois agus mé ag taifeadadh ceol binn na cláirsí. Bhí an tréimhse sin deacair do móran chuile Éireannach, mise san áireamh, ach bhí mé faoi gheasa ag oidhreacht an oileáin, agus chabhraigh sin go mór liom. I 2021 bhí saol an cheoil éiginnte go fóill, agus mar sin níorbh fhiú dom filleadh ar an mórthír. Thóg sé bliain eile go dtí gur fhill an cheoil ar an stíl mar a bhí. Faoin dtráth sin, bhí mé ar muin na muice ar Inis Meáin, agus mar a bheadh muc sháite ann. Ní raibh aon cheist i m'intinn ach go raibh sé níos fearr fanacht i mo chónaí ar an oileán, agus taisteal beag breise a dhéanamh nuair a fuair mé 'gig' ar an mórthír, ná an áit draíochta seo a fhágáil. Cúig bliana níos deireanaí, táim fós anseo … agus anois, níl aon chuma ar an scéal go n-athróidh sin!!
Nuair a tháinig mé go dtí an t-oileán ar dtús, chonaic mé an foirgneamh a fheiceann cách: sean-óstán tréigthe, síonchaite, díreach i lár an oileáin. Chonaic mé na ballaí brónacha, an díon pollta, agus cheap mé gur mór an peaca go raibh sé fágtha mar sin. Rith sé liom láithreach bonn go mbeadh sé cumhachtach an foirgneamh sin a athbhunú, agus go raibh an t-uafás féidireachtaí ann. Thosaigh mé ag déanamh taighde ar an bhfoirgneamh, agus don spraoi, ag tobsmaointeoireacht faoi cén chaoi go bhfhéadfaí é a athchóiriú agus a chur ag feidhmiú arís.
In 2023, tháinig an foirgneamh ar an margadh. Mar gheall ar mo chuid réamhoibre, bhí sé éasca dom togra a scríobh agus dul i dteagmháil le liosta fada infheisteoirí. D'éirigh liom maoiniú a fháil chun tairiscint a chur isteach, agus - fós ní chreidim go bhfuil mé ag scríobh seo - an foirgneamh a cheannach!!!
Anois mo chéad sprioc ná an seanfhoirgneamh seo a athchóiriú, agus a athoscailt mar ionad cultúrtha. Ba mhaith liom go dtiocfadh daoine go hInis Meáin, agus go mbeidh siad in ann ceangal a chruthú le cultúr na hÉireann; go mbeimid ag cleachtadh, agus ag ceiliúradh, ár n-oidhreacht. Beidh cúrsaí á reachtáil i ngach gné den chultúir: teanga, na healaíona dúchasacha, na ceirdeanna traidisiúnta, an dúlra agus an oidhreacht.
Tá an seanfhocal Gaeilge 'Ar scáth a chéile a mhairimid' beo beathach anseo, agus is mian liom go mbeidh deis ag an bpobal a bheith páirteach sa dtionscadal seo ón tús ar fad. Mar sin, tá moltaí á lorg agam maidir le hainm don Ionad Cultúrtha nua seo! Tugaim cuireadh duitse, a léitheoir, páirt a ghlacadh i gcomórtas oscailte chun an t-ionad a ainmniú. Tá suim ar leith againn in ainmneacha a bhfuil baint acu leis an oideachas, leis an oidhreacht, leis an timpeallacht, nó le saintréithe Inis Meáin. Gheobhaidh an buaiteoir dearbhán €1,000 le húsáid san ionad cultúrtha nuair a osclófar é i 2027.
Bhí an phaindéim COVID-19 deacair; bhain sí go leor asam - ach thug sí oileán dom. Feicfidh mé ann thú!