skip to main content

Jesse Jackson, laoch mór Mheiriceá a thuig cás na hÉireann

Labhair Máirtín Ó Muilleoir, Iar-Ardmhéara Bhéal Feirste mar gheall ar an aithne a bhí aige ar an tUrramach Jesse Jackson atá imithe ar shlí na fírinne.

Duine de laochra ghluaiseacht chearta sibhialta Mheiriceá ab ea Jackson ach deir Máirtín Ó Muilleoir go raibh an-tuiscint agus bá ag Jackson do chás na hÉireann. Chuaigh Ó Muilleoir ar cuairt ag Jackson don chéad uair sa bhliain 2004 agus as sin, a d'eascair an cairdeas eatharthu.

Dúirt Ó Muilleoir gur baineadh siar do go leor nuair a chur Jackson athaontú na hÉireann ar a chlár oibre sa bhliain 1984. Dár le Ó Muilleoir, thuig Jackson an tionchar a bhí ag na Gluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá ar an ngluaiseacht a tharla trasna an Atlantaigh anseo in Éirinn.

A photograph of jesse jackson

Tháinig Jesse Jackson go Béal Feirste ar cuireadh ó Ó Muilleoir sa bhliain chéanna, 2004, áit ar bronnadh duais pobail orthu. Fear a bhí lán le charisma a bhí ann agus d'fhág sé a lorg ar gach duine ar bhuail sé leo i mBéal Feirste.

Chuaigh sé ar cuairt chuig an pobal Protastúnach agus an pobal Caitliceach, araon agus é in Éirinn. Labhair sé le daltaí i gColáiste Feirste agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an aos óg ansin.

Mar gheall ar an óige a bhí aige ag fás aníos i Meiriceá, deir Ó Muilleoir gur thuig sé an cruatán agus an leatrom agus thóg sé seasamh cróga i gcoinne an chiníochais. Agus é anseo in Éirinn ar cuairt go Béal Feirste, thug sé cúram agus compord do dhaoine a bhí ag fulaingt de bharr na dTrioblóidí.

Cuimhneofar air mar laoch ár linne agus 'cosainteoir an chirt', a deir Ó Muilleoir.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.