skip to main content

An bhfuil cultúr na ngrianghraf athraithe ó bhonn?

sample caption

Scríobhann An Cat ina gcolún anaithnid mar gheall ar an nós atá againn grianghrafanna a thógáil ar dtalamh agus an tslí go bhfuil cultúr na ngrianghraf athraithe le blianta anuas.

Tháinig dhá cheamara beag isteach inár saol mar bhronntanais le déanaí agus ó shin braithim ar nós go bhfuil dhá phaparazzo beag do mo leanúint timpeall an tí gan teip, agus iad lán le gáirí agus rógaireacht. Ach nuair a dhúisigh mé de phreab le flash i mo shúile ag a sé maidin inné, bhí comhrá ag teastáil. Tar éis dóibh a bheith sna trithí faoin bpic díom ar nós bean sí traochta sa leaba, mhínigh mé go bhfuil gá cead a fháil ó dhuine chun pictiúr a ghlacadh.

Rith sé liom ansin, go raibh soineantacht ag baint leis an taitneamh a bhí mo bheirt ag baint as grianghraif a ghlacadh, mar gur rud nua dóibh é. Thosaigh mé ag smaoineamh ar Bhrooklyn Beckham bocht ansin. Cé mhéid mile grianghraif a bhí tógtha de sula raibh sé trí bliana d'aois fiú? Tá cuimhne againn ar fad ar an gculaith beag corcra gleoite a bhí air, ar an lá a phós a thuismitheoirí, gan trácht ar na t-léinte peile beaga a bhíodh air agus é ag siúl amach ar an bpáirc peile lena athair go rialta ós comhair na mílte daoine. Bhí gach nóiméad dá shaol óg taifeadta, ach go háirithe na híomhánna dó i mbaclainn a mháthair ar chúl limousine i Madrid ag teitheadh ó Phaparazzi ocracha ag lorg blúiríní faoi Rebecca V. Ní drama, scannán, nó sobal a bhí anseo, ach saol Bhrooklyn bocht óg.

Brooklyn Peltz-Beckham and Nicola Peltz-Beckham posing for a picture
Brooklyn Peltz-Beckham and Nicola Peltz-Beckham

Caitheadh isteach i lár fáinne an tsorcais an créatúr bocht agus an spotsolas ag fanacht agus ag féachaint céard a dhéanfadh sé. An seinnfeadh sé port? An gcasfadh sé amhrán? Cúpla céim? Cleasaíocht láimhe? Jóc b’fhéidir? An raibh éinne ag súil go ndéanfadh sé an rud ba lú a raibh súil againn leis? Go ndiúltódh sé saol na réalta a chruthaigh a thuismitheoirí dó ón gcliabhán, agus nach mbeadh uaidh ach a bheith ag abhaile ag déanamh pióga an aoire agus ag blaiseadh de anlainn spíosracha éagsúla? Go mbeadh sé ag iarraidh an phríobháid atá againn ar fad, nach raibh riamh aige?

Inné, bhuail mé le duine a bhí ar an mbunscoil i mo theannta agus mo bheirt paparazzo beag liom.

'Cé hiad seo i do theannta? Dúirt duine éigin liom go raibh leanaí agat, ach ní fhaca aon tagairt dóibh ar líne. Cé leo an bhfuil dealraimh acu anois, fan go bhfeice mé…Nach ait, nach bhfuil níl aon phics dóibh in aon áit’.

Ní raibh gaoth an fhocail ó mo bheirt agus iad ag éisteacht go géar (bíonn siad i gcónaí ag ÉISTEACHT, ar eagla go mbeadh tagairt d’uachtar reoite nó féirín ón siopa a thosaíonn le S mór nach féidir tagairt dó ós a gcomhair).

‘Tá go LEOR pictiúir dúinne’ arsa an duine is sine. ‘Is liomsa na pcitiúir seo, tabharfaidh mé cead duit féachaint orthu…seo muidne ag scátáil, seo hiad na pancóga a bhí again inné, seo Spiderman ag ithe pancóg, agus seo Hulk ag goid pancóg le Spiderman…see?’

Chonaic mé an leadrán ar a haghaidh agus é ag taispeáint pictiúir i ndiaidh pictiúr. Chuir sé na laethanta a bhíodh ort féachaint ar phictiúir laethanta saoire daoine nuair a bhailigh siad ón gcógaslann iad. Ar chúis éigin táimid sásta féachaint ar chéad phictiúir do laethanta saoire daoine nach bhfuil aithne again orthu, nó féachaint ar ghrianghraif teaghlaigh de na Beckhams, ach dá gcuirfeadh duine ceist ort suí síos agus féachaint ar album lán le pictiúir dá laethanta saoire i bPlaya del Ingles nó deireadh seachtaine Willy Clancy ó 2010 agus tú ina dtigh, an ndéanfá é? N’fheadar a dhuine!

Le ‘meows’ agus meas

An Cat ‘s a Cóisir