skip to main content

Féasta Ceoil an Spidéil ar RTÉ RnaG

Portrait
Pauline Scanlon

Ar an Déardaoin 12ú Feabhra ag 7pm, cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta tús le sraith nua de Féasta Ceoil an Spidéil, a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal le plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus comhaimseartha.

Sa chéad chlár den tsraith, beidh ceol binn agus amhráin ar an sean nós leis An Chéad Ghlúin Eile, na deirfiúracha Máire agus Étáin Ní Churraoin as Gaeltacht Ráth Chairn.

Ar an 19ú Feabhra, beidh ceol bríomhar le Trá Pháidín - banna ceoil a nascann ceol traidisiúnta, rac-cheol agus snagcheol. Beidh féasta ceoil acu d'éisteoirí, le píosaí nuachumtha, spreagtha ag seirbhís bhus 424 Chonamara agus na carachtair a casadh orthu ar bord.

An Chéad Ghlúin Eile

Beidh flosc ceoil le cloisteáil sa triú clár, nuair a chraolfar seit spleodrach leis na Conallaigh cheolmhara, an ceoltóir iluirlise Cathal Ó Curráin agus an sár-fhidléir Megan Nic Fhionnghaile, le tionlacan ó cheoltóir cumasach eile, Marty Barry as contae an Dúin.

Beidh meascán d’amhráin ar an sean-nós agus saothair nuachumtha á seinm ag Síle Denvir agus Barry Kerr sa cheathrú clár ar an 5ú Márta, agus i gclár a cúig, ar an 12ú Marta beidh ceolchoirm le John Spillane ar an 12ú Márta. Beidh an ceoltóir ildánach Inni-K le cloisteáil ar an 19ú Márta.

Beidh éisteoirí faoi gheasa ag Pauline Scanlon & The Half Room ar an 26ú Márta, agus cuirfidh an tríréad Conor Connolly (bosca ceoil), Sorcha Costello (fidil) agus Pádraig Ó Dubhghaill (giotár) clabhsúr leis an tsraith ar an 2ú Aibreán.

Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán, arna mhaoiniú ag an táille ceadúnais teilifíse. Beidh na ceolchoirmeacha in airde ar leathanach Youtube @RaidionaGaeltachta chomh maith.

Cuirfear tús le Féasta Ceoil an Spidéil ar an Déardaoin, 12 Feabhra ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.