Sa tsraith Síle Seoige: An Saol Mar Atá, léireoidh an craoltóir mór le rá Síle Seoige comhbhá agus díograis iriseoireachta sa tsraith faisnéise mhacánta agus chorraitheach seo ina dtabharfar aghaidh ar Bhulaíocht, Tógáil Clainne agus Eipidéim na hImní.
Fiosróidh sí na dúshláin mhóra atá romhainn mar shochaí sa lá atá inniu ann. Rachaidh Síle, faoi mar a dhéanann sí ina sraith rathúil phodchraolta 'Ready to Be Real,' i ngleic leis na dúshláin seo le paisean agus fiosracht.
Lorgófar sa tsraith seo, arna stiúradh ag Rachael Moriarty, léargas na saineolaithe agus na ngnáthdhaoine araon.
Sa gcéad chlár, Tógáil Clainne, féachfaidh sí ar na dúshláin mhóra a bhíonn i gceist le ról an tuismitheora. Tabharfaidh sí cuairt ar Shiún Ní Dhuinn, iriseoir agus bean a raibh páiste aici le gairid, chun labhairt faoin sonas agus an donas. Cuirfidh Orla O'Connor ó Chomhairle Náisiúnta na mBan béim ar an donas nuair a thugann sí léargas do Shíle ar an ngéarchéim cúraim leanaí atá ag cur strus mór millteach ar theaghlaigh. Feicfidh Síle córas éifeachtach cúraim leanaí san Iorua nuair a thugann sí cuairt ar Niamh Ní Bhroin, atá ag tógáil clainne in Osló. I Muineachán, buailfidh Síle le tuismitheoirí Brían & Síle Mac a 'Bhaird a mhíneoidh na deacrachtaí di a bhí acu tacaíocht a fháil dá n-iníon Romy atá faoi mhíchumas.
Buailfidh sí le Neasa Ní Fhinneadha atá ag iarraidh rudaí ina saol a athrú ar mhaithe lena clann agus gheobhaidh sí comhairle tuismitheoireachta ón síceolaí an Dr Cáit Verling a thabharfaidh sásamh intinne di. Suífidh Síle isteach sa stiúideo podchraolta ansin agus le croí oscailte cuirfidh sí agallamh domhain, mothúchánach ar an iriseoir, seanadóir agus máthair Evanne Ní Chuilinn. Cuirfidh a cara, an síceolaí Gerry Hussey, ceisteanna deacra uirthi a chuirfidh brú uirthi féachaint go géar ar a saol féin
Síle Seoige, An Saol Mar Atá, 11 Feabhra ag 9.45pm ar TG4