skip to main content

Éist le Faoi na Fóide is Mé Sínte: Saothar nua drámaíochta

Bhí áit faoi leith ariamh ag Cogadh na Talún i stair agus i mbéaloideas Dhún na nGall. I measc na n-eachtraí móra a tharla lena linn bhí marú an Chigire Martin os comhair theach an phobail sna Doirí Beaga agus é ag iarraidh an sagart áitiúil, an Canónach Séamus Mac Pháidín, a ghabháil.

Scéal é a raibh tionchar mór aige go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Spreag an eachtra scríbhneoirí agus ealaíontóirí áitiúla freisin.

Sa saothar nua drámaíochta seo, cuirfear gearrscéal ficseanúil Shéamuis Uí Ghrianna Faoi na Fóide is Mé Sínte, a foilsíodh i 1926, in oiriúint don raidió don chéad uair riamh. Beidh baill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair, chomh maith le haisteoirí eile as Gaoth Dobhair agus na Rosa ag aisteoireacht sa dráma. Léiriú de chuid Macha Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

The Land War has always held a special place in the history and folklore of Donegal, and among the major events that occurred was the killing of Inspector Martin in front of the chapel in Derrybeg as he was attempting to arrest the local priest, Canon Séamus Mac Phaidín. This incident had a significant impact locally, nationally, and internationally, and it also inspired local writers and artists.

In this new production, Séamus Ó Grianna’s short fictional story Faoi na Fóide is Mé Sínte, first published in 1926, has been adapted as a radio drama for the first time ever with a cast of members of Aisteoirí Ghaoth Dobhair, along with other actors from Gaoth Dobhair and The Rosses. A Macha Media production supported by the Irish Language Broadcasting Fund of Northern Ireland Screen.