Scríobhann Cian Ó Griallais faoi Superbowl Sunday a tharlóidh Dé Domhnaigh seo idir na New England Patriots agus Seattle Seahawks.
Tá an lá mór tagtha. Nó b'fhéidir, an oíche mhór dóibh siúd a bheidh ag breathnú ar an Super Bowl ar an Domhnach. Níl mórán ócáidí spóirt ann atá níos mó ná an Super Bowl. Tá i bhfad níos mó i gceist leis an ócáid ná an cluiche é féin. Is seó ollmhór é; na taispeántais, na hamhráin náisiúnta roimh an gcluiche, agus an seó ag leath-ama. Ní choinneodh aon spórt eile coinneal leis an NFL agus muid ag caint ar seó. Ach ní fiú aon seó gan na carachtair agus scéal. Mar sin, céard iad na scéalta taobh thiar den seó mór seo?
Ar an Domhnach beidh na New England Patriots, seaimpíní an AFC, agus imirt i gcoinne na Seattle Seahawks, seaimpíní an NFC. Is Super Bowl é nach raibh mórán daoine ag súil leis agus an séasúr ag tosú i Meán Fómhair.
Ar dtús pléifidh muid na Patriots. Dóibh siúd nach leanann an NFL ó chluiche go cluiche, nó ó bhliain go bliain thuigfeá dóibh a cheapadh gurb é an seanscéal céanna é agus iad as gcluiche mór. Ach ag breathnú ar stad na foirne an t-am seo anuraidh bheadh sé deacair a shamhlú go mbeidís anseo.
I dtosach báire, agus muid ag breathnú siar ar 2024, níor bhuaigh siad ach ceithre cinn dá gcluichí, a d’fhág iad mar an tríú foireann ba mheasa sa tsraith agus mar gheall air seo, cuireadh an ruaig ar phríomhchóitseálaí na foirne Jerod Mayo. Bhí ábhar dóchais ann áfach. D’imir an quarterback óg Drake Maye, a thóg siad i draft na bliana sin, go maith sna 13 chluiche a d’imir sé.
Sa gcéad chluiche i mbliana chaill Na Patriots sa mbaile i gcoinne na Raiders, an fhoireann ba mheasa sa tsraith. Ceapadh go raibh bliain fhada eile amach rompu. Ach ní mar sin a bhí. Faoi stiúir an chóitseálaí nua, agus iarimreoir Patriots Mike Vrable, d’éirigh leis na Patriots 14 chluiche a bhuachan agus áit a bhaint amach sna playoffs. Anuas air sin, bhreathnaigh Drake Maye, scaití, chomh maith le laoch na Patriots Tom Brady.
Ach ní sin an scéal iomlán. Dár le staitisticí na sraithe bhí an feachtas b’éasca ag na Patriots. Ina roinn féin d’imir siad i gcoinne na Jets agus na Dolphins faoi dhó a bhí lag i mbliana agus dhá chluiche i gcoinne na Bills nach raibh chomh is mar a bhí le cúpla bliain. D’imir siad i gcoinne 11 fhoireann a bhfuair réidh lena gcóitseálaithe ag deireadh an tséasúir.
An raibh an t-ádh leo? Más rud é go raibh, bhí níos mó den ádh sin i ndán dóibh. Sna playoffs d’imir siad i gcoinne na Chargers agus gortuithe acu sa líne tosaí, sa gcluiche ceathrú ceannais bhí na Texans gann ar a wide receiver is fearr, agus sa gcluiche leathcheannais, d’imir siad i gcoinne quarterback nár imir le dhá bhliain de bharr gur bhris Bo Nix a rúitín. Ní fhéadfá é a scríobh.
Déarfaidh lucht leanta na Patriots áfach, nach bhfuil sin tábhachtach. Tá siad sa Super Bowl agus cluiche amháin idir iad agus an seachtú Super Bowl don chumann. D’fhágfadh sé sin iad ar bharr liosta na mbuaiteoirí ceann chun cinn ar na Steelers a d’imir i bPáirc an Chrócaigh i mbliana. I rith an tséasúir bhí ceann de na haonaid ionsaí is fearr acu dar leis na staitisticí, ach sna playoffs níl sin feicthe fós againn. Seans go bhfeicfidh muid Dé Domhnaigh é.
Ar an taobh eile den pháirc tá na Seattle Seahawks. Foireann a bhí go maith an bhliain seo caite ach theip orthu áit a bhaint amach sna playoffs. Ansin, chuaigh na Seahawks sa seans ar quarterback difriúil, an fear a rachaidh chun páirce dóibh ar an Domhnach – Sam Darnold.
Tá scéal fada casta ag baint le aistear Sam Darnold sa NFL, agus ábhar scannáin dá n-éireodh leis trófaí Vince Lombardi a chrochadh. I 2018 roghnaigh na Jets é lena gcéad rogha sa draft ach níor éirigh leis i Nua Eabhrach. Chuaigh sé ó fhoireann go foireann ar feadh bliain nó dhó go dtí gur tháinig sé ag na Vikings anuraidh, an fhoireann eile a d’imir i bPáirc an Chrócaigh i mbliana, agus mar a bheadh míorúilt ann, chonaic muid an t-imreoir a raibh geallta agus é ag teacht isteach sa NFL. É sin ráite, chaill sé sna playoffs leis na Vikings agus níor thug siad conradh nua dó. Thug na Seahawks conradh dó agus anois tá siad sa tóir anois ar an dara Super Bowl i stair an chumainn.
Is iad an fhoireann is fearr san NFC iad na Seahawks. Bhí an churiarracht is fearr acu ag deireadh an tséasúir. Mar dhuais air sin d’imir siad a gcluichí sna playoffs ar fad sa mbaile. Tá cosaint den scoth acu. An chosaint is fearr ó thaobh pointí géillte sa tsraith. Mar sin, ní chaithfidh Darnold a bheith míorúilteach. Ní gá dó, nó don aonad ionsaí, ach seans a thabhairt don fhoireann. Bhuail siad na Rams, an fhoireann le ceann de na hionsaí is fearr, sa gcluiche leathcheannais. Shílfeá mar sin go mbeidís in ann pointí a scóráil i gcoinne na Patriots.
Tá stair idir na foirne seo freisin. 9 mbliana ó shin d’imir an dá fhoireann seo a chéile i Super Bowl XLIX, agus fuair na Patriots an ceann is fearr an lá sin. Críoch mhíchlúiteach a bhí leis an gcluiche sin. Bhí na Seahawks slat amháin ó touchdown agus iad 4 phointe ar chúl. Roghnaigh siad an liathróid a chaitheamh, chaith Russell Wilson uaidh an liathróid, rug na Patriots uirthi agus le 20 soicind fágtha, bhí deireadh le seansanna na Seahawks.
Tá an cluiche ar siúl i staid na 49ers, i California. Ní bheidh baol sneachta ann, ach níl cruinneachán ar an stad is mar sin beidh baol báistí ann. Imríodh an Super Bowl sa staid chéanna 10 mbliana ó shin nuair a fuair na Broncos an ceann is fearr ar na Panthers.
Cuirfear tús leis an gcluiche ag a 23:30 ar an Domhnach agus idir an chluiche agus an seó ag leath-ama mairfidh an léiriú os cionn ceithre huaire seans. Is cróga an duine a bhreathnaíonn ar an rud iomlán agus obair acu maidin Dé Luain. Dóibh siúd a fhanfaidh ina suí tá súil agam go mbeidh cluiche iontach ann. Rud a amháin is féidir a bheith cinnte faoi áfach, is é an Super Bowl fós an seó is mó atá ann.