skip to main content

Pé Scéal É beo ó UCC

radio presenter
Máire Treasa Ní Dhubhghaill

Beidh Pé Scéal É, arna chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill beo ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh Dé hAoine beag seo, an 6ú Feabhra ag 3 i.n ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh duaiseanna breátha le buachan ar an gclár - beidh dhá thicéad do cheolchoirm Jason Derulo sa 3Arena le bronnadh ar éisteoir amháin, agus bronnfar dearbhán don óstán The River Lee i gCorcaigh le dinnéar, leaba agus bricfeasta ar éisteoir ádhúil eile.

Beidh scoth an cheoil bheo, comhrá agus craic le mic léinn na hollscoile le cloisteáil.

Labhróidh ionadaithe ó Chumann Ceoil na hOllscoile le Máire Treasa faoi Tradfest UCC, a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo, faoi na ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, agus na himeachtaí ar fad atá eagraithe acu don fhéile.

Maire Treasa Ni Dhubhghaill
Máire Treasa Ni Dhubhghaill

Tabharfaidh Lúcas Ó Raghallaigh, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, léargas ar Oireachtas na Mac Léinn, a thionólfar san ollscoil an deireadh seachtaine seo chomh maith, le mic léinn ó chuile chearn den tír seo, ón mBreatain Bheag agus Albain ag triall ar Chorcaigh don ócáid.

Beidh baill den Chumann Dodgeball agus den Chumann Cniotála agus Cróiseála i mbun cainte le Máire Treasa chomh maith.

Tá fearadh na fáilte roimh éisteoirí i gCorcaigh buaileadh isteach, nó tugaigí cluas le héisteacht dóibh!

Beidh Pé Scéal É, beo ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 6 Feabhra ó 3 i.n.