skip to main content

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge fógartha

seachtain na G
Conor Curley agus Róisín Seoighe

Tá ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026 fógartha go hoifigiúil: Conor Curley, príomhghiotáraí le Fontaines D.C., agus Róisín Seoighe, amhránaí sean-nóis agus príomhamhránaí IMLÉ. Rinneadh an fógra níos luaithe inniu ag seoladh meán a reáchtáladh in Ionad Ché an Adhmaid.

Tá an ceol i lár an aonaigh ag Seachtain na Gaeilge 2026 agus déanann téama na bliana seo, "A Ghaeilge, mo cheol thú", céiliúradh ar an nasc domhain agus buan idir an teanga agus an ceol.

Ag ócáid an lae inniu, ghlac na hambasadóirí páirt i bpainéal beo le hEmma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá. Labhair Conor Curley agus Róisín Seoighe go hoscailte faoina gcuid ceangail phearsanta leis an nGaeilge, an tionchar a bhíonn aici ar a guid ceoil, agus an dóigh a bhfuil sé ar intinn acu an Ghaeilge a úsáid le linn na féile agus ina dhiaidh. Le chéile, léiríonn siad guthanna iomadúla na Gaeilge - ag cruthú go bhfuil áit ag an teanga do chách, bíodh tú líofa, ag foghlaim nó ag tosú amach.

seachtain na G
Róisín Seoighe

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

" Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh bheirt cheoltóirí den scoth mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2026. Tugann Conor agus Róisín dearcadh uathúil ar an Ghaeilge tríd an cheol. Le linn na féile, spreagfaidh siad daoine ar fud na tíre agus níos faide i gcéin chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua agus cruthaitheacha. Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach duine an teanga a úsáid - ó chainteoirí dúchais go dtí iad siúd atá díreach ag tosú amach."

Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie