Gach mí, roghnaítear leabhar mar leabhar na míosa ar RTÉ RnaG. An mhí seo, roghnaíodh, Mainistir na Feola, cnuasach filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha.
Cad a spreag thú le tús a chur le do shaol mar fhile?
Bhí suim agam i gcónaí sa scríbhneoireacht. I mBéarla i dtosach, dar ndóigh - bhí sé de nós agam liricí a scríobh i mo chóipleabhair scoile agus na dánta a mhaisiú freisin... lámhscríbhinní maisithe! Rinne mé scríbhneoireacht chruthaitheach san ollscoil (as Béarla) agus scríobh mé cnuasach iomlán i mBéarla. Ach chaith mé na dánta sin i dtraipisí. Go leor aithrise á déanamh agam ar fhilí an Bhéarla. Ar chúis éigin ansin (níl mé féin cinnte cén fáth) d'iompaigh mé ar an Ghaeilge nuair a d'éirigh liom cumas réasúnta a bhaint amach sa teanga ag an triú léibhéal. Ní féidir bomaite áirithe amháin a lua mar thús. Bhí suim agam i gcónaí sa chaomhnú, .i. nach ligfinn do chuimhní dul in éag nó rud mar sin. Caomhnaím rudaí sna dánta, is dócha. Cuimhní na hóige, cuimhní na seirce.
Bíonn tú ag iarraidh do lámh a shíneadh amach i dtreo rud éigin. An fhírinne? B'fhéidir. Níl achan dán fíor ná cruinn. Tugaim cead dom féin bréaga a insint sa dán. Bréaga macánta? Nó... níos fearr a rá, seans, go bhfuil fírinne éigin in achan dán ach nach bhfuil an dán féin fíor. An spreagadh is mó a fhaighim achan lá ná an comhluadar fileata thart orm a thugann misneach dom. Ní bheadh rud ar bith curtha i gcló agam murach na filí sinsearacha a thug (agus a thugann fós) treoir, moltaí, agus aiseolas dom. Nuair nach bhfuil tú ach i d'fhochlac beag neirbhíseach níl rud ar bith níos tábhachtaí duit ná súil ghéarchineálta an ollaimh ar do chuid dréachtaí. Agus an cheist úd: 'An bhfuil tú fós ag scríobh?' Mar atá ráite i seanfhocail an Bhíobla: 'Iarann a chuireann faobhar ar iarainn; agus cuireann fear (file) faobhar ar fhear (fhile) eile.'
Seo an dara cnuasach atá curtha amach agat, an dóigh leat go bhfuil fás tagtha ar do chuid scríbhneoireachta ó shin?
Tá súil agam go bhfuil feabhas tagtha ar mo chuid Gaeilge, ar an chéad dul síos. Is é an dualgas atá orm mar fhoghlaimeoir teanga ná dul i ngleic le dul agus rithim nádúrtha na teanga agus am a chaitheamh ag léamh agus ag éisteacht léi. Deirtear go minic le scríbhneoirí an Bhéarla - mura bhfuil tú ag léamh agus ag leamh go fairsing, ní fiú duit bheith ag scríobh! Tá a dhá oiread fírinne sa ráiteas bheag sin maidir le scríbhneoirí na Gaeilge, go háirithe mura bhfuil an teanga acu ó dhúchás. Is dócha gur fhoghlaim mé ó na botúin a rinne mé roimhe seo. D'fhoghlaim mé go leor ó mhuintir na Gaeltachta. Tá súil agam gur fhoghlaim, ar aon nós. Maidir le fás na filíochta... is dócha go bhfuil téamaí / foirmeacha nua in Mainistir na Feola... ach ní hé jab an fhile anailís a dhéanamh ar a s(h)aothar féin. Fágaim an plé sin faoi dhaoine eile. más spéis leo é. Féinanailís - biorán frí leamhan do dháin!
Tá cultúr na filíochta go láidir sa Ghaeilge, cén fáth, an dóigh leat?
Is dócha go raibh meas i gcónaí ar an fhile sa tír seo ach anois leomhfainn a rá go bhfuil an scríbhneoir próis chun tosaigh ar an fhile. Tá sé sin fíor don Ghaeilge agus don Bhéarla. Bíonn díol níos mó ar an fhicsean agus tóir níos mó ar an úrscéal nua. Tá sé sin le tuiscint agus go pointe is forbairt nádúrtha é... ní féidir an scéal a phlé i gceart anseo. Bhíodh imní ann ar feadh i bhfad nach raibh acmhainn úrscéil sna scríbhneoirí Gaeilge. Nach raibh sé de chumas acu rud fada casta a chur le chéile. Liricí gearra agus an craic sin ar fad... Ní le binb a deirim sin, dála an scéil. Is breá liom an prós agus bím ag súil le gach úrscéal nua sa teanga seo. Caithfear glacadh leis an tsaol mar atá agus do chuid oibre féin a dhéanamh.Bhíodh claí i m'intinn féin le fada an lá idir an fhilíocht agus an prós, ach le déanaí, scríobh mise gearrscéal... Bó bhradach a bhí ionam agus ní raibh an bhé sásta gur leag mé an claí úd. Sa chúinne dhána a chuir sé mé, agus cosc ar sheacláid agus dánta nua ar feadh míosa.
Go leor de na róil a bhíodh ag an fhile sa tsochaí - nuacht, eolas, daoine a mholadh / a cháineadh - níl ann daofa níos mó, nó tá na róil athraithe go mór. Ní drochrud é sin i gcónaí. Bíonn saoirse agat anois do rogha rud a rá, den chuid is mó. Ní bhíonn tú ag brath ar thiarna fial éigin chun siopadóireacht Aldi a cheannacht. Seans go mbíonn tú ag brath ar mhaoiniú nó ar dheontas, áfach. B'fhéidir nach bhfuil rudaí chomh difriúil sin, i ndeireadh na dála...É sin ráite, tá stíl na filíochta féin athraithe go mór agus cinéalacha éagsúla filíochta anois againn: filíocht liriciúil, filíocht ó bhéal, filíocht an phobail, srl. Is as an Ghaeltacht do mo pháirtí agus tá an-mheas aige ar fhilíocht Johnny Chóil Mhaidhc, cuir i gcás, toisc go bhfuil rithim agus rím an-láidir le sonrú ann. Níl claí chomh hard sin idir an dán agus an amhrán i bhfilíocht an phobail. Níl mo dhánta-sa ar an dóigh sin, agus do mo phairtí bheadh siad níos gaire don phrós / don drámaíocht, seans, ná don fhilíocht.Ansin bíonn go leor ag plé leis an fhilíocht ó bhéal agus gné an taibhléirithe an-tábhachtach ansin, thuas ar an ardán nó ar an fhíseán, srl. Níl mise cooláilte go leor chun rudaí mar sin a dhéanamh, faraor. Bhain mé triail as uair amháin. Ní labhraím faoi na laethanta sin níos mó! Ní hé nach bhfuil tábhacht le rím, rithim, agus taibhléiriú don fhile 'liriciúil', mar dhea, ach an cara is mó a bhíonn agam ná an leathanach féin agus na híomhánna ar féidir liom a scríobh air trí mheán na bhfocal.

Bhíodh mé ag déanamh na léachtaí ag an Aifreann agus mé óg. Bhí mé an-chráifeach. Níor éalaigh mé ón stíl léitheoireachta sin go fóill: 'This is the Word of the Lord!' Mura bhfuil bearna chomh mór sin idir an dán agus an t-amhrán i bhfilíocht an phobail, samhlaímse, i mo chás féin, nach bhfuil ach séanas idir an dán agus an phaidir.
Cad atá á léamh agat féin faoi láthair?
Rudaí thall is abhus. The Bend for Home le Dermot Healy. I mo Chroí Istigh le hÁine Ní Ghlinn. Contemporary Irish Poetry in eagar ag Paul Muldoon. Amchláir eagsúla de chuid Dublin Bus agus mé ag fáil isteach ar shaol na hardchathrach. The Divine Comedy le Dante. See, dúirt mé libh go raibh mé cráifeach!
Pléifear Mainistir na Feola ar Thús Áite agus ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an mhí seo.