Tá cruinniú práinneach á lorg ag Coiste Eitiltí agus Seirbhisí Ailse Dhún na nGall leis an Aire Iompair Darragh O Brien chun an tseirbhís aeir idir Aerfoirt Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath a phlé.
Tá imní léirithe ag Mary Uí Chomhaill faoin scéal go bhfuil athruithe le theacht ar na seirbhísí aeir idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath faoin chonradh úr PSO atá a phlé faoi láthair agus an tionchar a bhéas ag seo ar othair le hailse. Labhair Pat faoin scéal agus thug sé uasdátú ar an obair atá ar bun aige leis an fhadhb a shocrú.
Dúirt Mary nach bhfuil na hamanna praicticiúil, agus go gciallaíonn seo go mbeidh ar othair as Dún na nGall atá ag fulaingt le hailse agus ag taisteal go BÁC le haghaidh cúram leighis, fanacht i mBÁC ar feadh an lae.
Dúirt an TD Ó Gallachóir go gcaithfidh an Taoiseach agus an tAire Iompair Darragh O'Brien brú a chur ar an gcomhlacht Emerald Airlines na hamanna de na heitiltí idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath a athrú go hamanna atá fóirsteaneach don phobal. Dúirt sé nach ndéanann sé ciall ar bith go mbeidh eitilt ag fágáil Bhaile Átha Cliath ag 6.30am ar maidin, agus nach mbeidh eitilt ar bith ag am lóin.