skip to main content

'Níl leabhar rialacha ann don tsaol'- Rothaí an tSaoil

Áine le Diarmuid Lyng agus Siobhán de Paor agus a gclann.
Áine le Diarmuid Lyng agus Siobhán de Paor agus a gclann.

Labhair muid leis an gcraoltóir agus iriseoir, Áine Ní Bhreisleáin faoina clár nua, Rothaí an tSaoil a thosaíonn ar TG4 Déardaoin, 29 Eanáir ag 8pm, agus an méid a d'fhoghlaim sí agus í ag castáil le go leor daoine éagsúla.

Chaith tú seal réasúnta fada leis an seisear sa chlár, an raibh ort tú féin a ullmhú lena leithéid a dhéanamh?

Taitníonn sé go mór liom a bheith amuigh ar an bhóthar, ag taifead agus ag castáil le daoine. Chaith muid tréimhse níos faide ná mar a bheinn cleachtaithe leis le na haoieanna, ag pilleadh orthu sa bhaile, i mbailte éagsúla, ag dul chuig imeachtaí leo, bíonn ort an fuinneamh a choinneáil ard. Is maith liom ag comhrá le daoine agus ag éisteacht lena scéalta agus ní raibh an t-am i bhfad ag gabháil thart domhsa! Bhí amanna ann agus chuaigh muid ó aoi i Londain go clár a bhí le taifead i mBaile Átha Cliath, agus ó Chill Chainnigh go Conamara agus bhí sin éagsúil ach caithfidh tú an chuid is fearr duit féin a thabhairt don aoi, don chriú agus an lá taifeadtha. Neart a bheith pacáilte sna málaí agus neart closleabhair don taisteal!

Ní i gcónaí a bhíonn na hÉireannaigh sásta a scéalta pearsanta a insint, an gceapann tú go bhfuil muid ag athrú mar dhaoine?

Sílim go bhfuil ar bhealach – bhí achan duine iontach oscailte, ár ligean isteach chun tí, ár dtabhairt chuig a mbailte agus isteach ina saol cúpla lá. Ní rud furast atá ann mise agus criú a bheith ag crochadh thart leat agus tú ag ól caifé nó ag ullmhú le bheith ag obair. Sílim nuair a bhíonn tusa ionraice agus oscailte agus macánta le duine, go bhfeiceann siad go bhfuil siad in ann bheith mar a gcéanna leat. Mar sin féin – ní iarrfainn ar aon aoi leaba agus bricfeasta a thabhairt dúinn, caithfidh siad spás a bheith acu!

Beidh aithne ag an lucht féachana ort ó chláracha teilifíse, raidió agus ó do chuid iriseoireachta ar an bpolaitíocht, cad a spreag thú le tabhairt faoi Rothaí an tSaoil?

Tá cúpla sraith déanta agam le Aniar Teo, An Cósta Thiar agus Sonas, agus tá mé compórdach, cairdiúil leis an chriú. Thaitin an smaoitiú liom go gcuirfinn aithne rud beag níos fearr ar dhaoine, ag dul chuig ceantracha éagsúla don taifead. Bhí mé meallta gur daoine éagsúla iad ó chéile, as cúlraí tuaithe, uirbeach, tógtha le Gaeilge nó a tháinig chuici níos moille. An rud is mó a mheall mé ná na daoine iad féin, spléachadh a fháil dá saol, nósanna agus spriocanna. Rinne mé sraith anuraidh a dhírigh níos mó orm féin, mar sin tá sé deas cothromaíocht a fháil, le daoine eile a bheith in éineacht liom. Bhí samhradh den scoith agam, ag obair le mo chairde agus ag fáil an deis a bheith i lár an aonaigh, ag bogadaí thart ar an tír agus anonn go Londain!

Evanne Ní Chuilinn agus Áine Ní Bhreisleáin
Evanne Ní Chuillinn agus Áine Ní Bhreisleáin

An bhfuil aon ní a sheasann amach duit a d'fhoghlaim tú faoi dhaoine?

Tá saol iontach eagsúil ag daoine óna chéile, daoine le am chlár docht, daoine atá ag obair ar thograí nach bhfeictear ar feadh bliana b'fhéidir, daoine nach dtaitníonn na meáin shóisialta uathu nó atá gafa le obair phobail. Thig leat a bheith ar dhuine ar bith acu seo agus a bheith rathúil, sona, le saol lán agus croí lán. Má chreideann tú go docht san rud atá idir lámha agat, má tá fís agat – coinníonn sin ag gabháil tú, tugann sé fuinneamh duit. D’fhoghlaim mé fosta go dtagann daoine as tragóidí agus deacrachtaí, go dtig leat cúpla slí beatha a bheith agat – níl leabhar rialacha ann don tsaol. Tá scéal ag achan duine fosta, cé acu a chreideann siad féin sin.

An bhfuil éinne ar mhaith leat am a chaitheamh leo má thagann Rothaí an tSaoil ar ais don dara sraith?

Ó tá , mianliosta ach níor mhaith liom mórán a rá go fóill- ach dá mbeadh deis ann am a chaitheamh le macasamhail Gabriel Byrne, Sally Rooney nó Joe Brolly agus iad sásta Gaeilge a bheith a labhairt acu liom do chúpla lá, tá mé cinnte go ndéanfadh muid clár breá ag a dheireadh! Ní maith duit a theacht chuig an chlár agus a bheith druidte, ní seo an sraith duit! Bheadh sé deas cúpla ceann eile a dhéanamh thar sáile, faigheann tú dearcadh eile ar Éirinn, ar chultúr, ar na luachanna a iompraíonn daoine leo.

Tosaíonn Rothaí an tSaoil, Déardaoin 29 Eanáir ag 8pm ar TG4