Labhair muid le údar an leabhair, Mo Scéal Féin, Gearóid Willie Ó Fátharta atá rognaithe mar Leabhar na Míosa ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cad a spreag thú le tabhairt faoin leabhar seo?
Bhí mé a iarraidh mo thaithí saoil fhéin a roinnt le daoine, go mór mhór le mo chlann Geneci, Camila Liam agus Vítor. Bhí go leor daoine ag moladh dhom mo scéal a roinnt. Fachtas dhom gur muide an ghlúin dheirneach Misinéirí tradisiúnta. Tá scéal ag chuile dhuine againn le roinnt agus le cur os comhair an phobail. Tá mór chuid den scéal lonaithe i Meiricá Theas, An tSíle agus An Bhreasail agus tréimhse san mBoliv. Fíor bheagán taighde a bhí le deanamh de bharr go bhfuil an leabhar bunaithe ar mo thaithe saoil fhéin. Bhí mé ag tarraingt as mo thobar.
Éist anseo leis an údar ag caint faoi sheoladh an leabhair ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
An dtabharfá scéal grá ar an leabhar?
Ní thabharfinn sin uirthi. Mar bheatha fháisnéis tá meascán mór nithe intí. Eachtraí saoil go chuile chineál.
Cad atá á léamh agat féin faoi láthair?
Oibreacha Albert Camus agus Diagacht Gustavo Gutierrez/Leonardo Boff. Castar linn é - Scríbhíní Saoil - Peadar Neilí Uí Dhomhnaill agus Cumraíocht Máire Uí Ráinne.
Pléifear an leabhar, Mo Scéal Fhéin ar An Cúinne Dána agus ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.