skip to main content

An fiú féachaint siar ar 2016?

Amano De Londra Miura- Grianghrafadoir Alona Dekhtiarenko
Amano De Londra Miura- Grianghrafadoir Alona Dekhtiarenko

Scríobhann Amano De Londra Miura faoi trend mór na míosa seo ar na meáin shóisialta, féachaint siar an saol a bhí againn in 2016.

Le seachtain anuas ar na meáin shóisialta, tá gach mac máthar ag roinnt pictiúir dóibh féinig ón bhliain 2016.

Más é nádúr an chait lucha a mharú, is é nádúr an Millennial léimt ar trend.

Logáil mé isteach go seanreilig na halbaim Facebook chun m'ofráil féin a aimsiú, ach ag féachaint ar m'aghaidh óg ag galamaisíocht ar ais im' threo, d'aithin mé nach scéal aon phictiúr ab ea 2016 im' chása.

An bhliain sin lig mé do mo shaol titim as a chéile don chéad uair. Tá sé déanta aríst agam cúpla uair ó shin, ach b'é 2016 an chéad chor i mo chinniúint.

Gan ach bliain go leith curtha fúm, deiridh mé as Ollscoil na Tríonóide, áit ina raibh scoláireacht agam ann.

Bhí ag éirí go réasúnta maith liom sa staidéar ach bhí saol eile agam lasmuigh den ollscoil. I ngach nóiméad saor a bhí agam dhírigh mé go diongbháilte ar ghairm sa cheol. Níorbh am le caitheamh nó tuiscint le húsáid agam ar chúrsaí sláinte. Leis sin, cheap mé go raibh orm gach rud a dhéanamh i m'aonar.

 Amano De Londra Miura
Amano De Londra Miura

Nuair a bhuaileas le páirtithe ranga blianta ina dhiaidh sin, dúirt siad nach bhfaca siad riamh mé gan giotár ar mo dhroim, leabhair i mo láimhe agus mé ag rith i dtreo an gcéad rud eile.

Tá sé soiléir a dhóthain dom inniu go raibh géarchéim muiníne ag cur isteach orm. Shíl mé go raibh foirfeacht agus dul chun cinn ag teastáil uaim i nach gné dhom shaol. Dá leanfainn orm ag cruthú íomhá rathúla go deo, bheadh meas ag daoine orm agus bheinn sábháilte - ach ní mar a shíltear a bhítear.

Ní rabhas in ann déileáil leis an bhrú a chuireas orm féin a thuilleadh. Bhí íomhá na foirfeachta ag titim as a chéile agus chas mé i dtreo na cóisireachta chun éalú ó mo náire féin.

Ní thagann cith gan bailc is dócha agus thart ar am céanna chuala mé ó mo theaghlach thar lear sa tSeapáin don chéad uair i mblianta. Cheap mé go raibh mé lánsásta le mo shaol mar a bhí sé ach don chéad uair thuig mé go raibh leath dhom féin in easnamh. Bhí aistear mór na féiniúlachta i ndán dom, ach ar dtús, thit mé in ísle brí.

Is cuimhin liom an tEanáir sin ag spaisteoireacht timpeall Baile Átha Cliath go moch ar maidin i ndiaidh oíche eile fhada i gcomhluadar amhrasach. Fuair David Bowie bás thar ar an am sin agus bhí sé ina chomrádaí dhílis liom im’ chluasa.

B’fhéidir gurb eisean a thug blúirín chrógacht dom ag siúl isteach in óstán ardnósach ar thóir oibre maidin liath eile. Sár i bhfad bhíos ag freastal ar réaltaí móra an saol agus ag tuilleadh go leor airgead chun mé féin a thógaint chuig teiripeoir.

Amano Frankfurt 2016
Amano in Frankfurt, 2016.

I 2016 dhealaigh mé ó nach mór gach rud a bhí tábhachtach dom roimhe sin. Theip orm an seó a choimeád ar an mbóthar. Níor chan mé ar stáitse go haonar aríst ar feadh 7 mbliana agus bíodh bearna cheithre bliana sular fhill mé ar an oideachas.

Ach bhí dul chun cinn ann sa bhliain sin freisin. Leis na séisíní a bhailigh mé ó sheachtain go seachtain san óstán, bhíos in ann turais thar lear a dhéanamh i m’aonair don chéad uair. Thosaigh mé ag cuartaíocht ar chairde liom a bhí ar a blianta Erasmus ar dtús agus mhéadaigh mo ghoile don taisteal as éadan gan mhoill.

Ag seasamh anseo inniu táim thar a bheith bródúil ag an gcailín sin a bhí cuíosach caillte agus thíos le buairt, ag streachailt le taomanna scaoilte agus paranóia fiú in uaireanta. Fós, d’fhan sí dóchasach, acmhainneach agus fiosrach faoin domhan. Bheadh ionadh uirthi le chloistéail go mbeadh cur amach aici ar 30 tíortha roimh 2026 agus go dtagadh an ceol thar nais chuici ar dheireadh thiar.

"Tomorrow belongs to those who can hear it coming" a dúirt an Starman David Bowie, ach i ndáiríre níl bhíonn clú dá laghad ag an mórchuid againn cad atá i ndán dúinn amárach. Is fiú é féachaint siar ó am go chéile chun beagán machnamh a dhéanamh - nó sraith bheag pictúir a roinnt ar Instagram ó deich mbliana ó shin!