skip to main content

Dráma agus draíocht: Craobh na gClub

11 January 2026; Aidan Walsh of An Ghaeltacht celebrates after his side's victory in the AIB GAA Football Intermediate Club Championship final match between An Ghaeltacht of Kerry and Glenullin of Derry at Croke Park in Dublin. Photo by Piaras Ó Mídheach/

Scríobhann Cian Ó Griallais faoin draíocht a bhaineann le Craobh na gClub dóibh siúd a leanann na cluichí Gaelacha.

Do lucht leanta an CLG, tá laethanta móra i bpáirc an Chrócaigh speisialta. Tá buanna móra don chontae i bPáirc an Chrócaigh níos speisialta fós. Tá áit ar leith ann áfach, i gcroíthe go leor, do lá mór agus do chumann féin ag imirt i gCraobh na hÉireann.

An deireadh seachtaine seo caite chonaic muid, ceithre chluiche, idir pheil agus iománaíocht ag an ngrád sóisir agus idirmheánach, agus ceithre fhoireann ag dul ar ais ag a n-áit dúchais le craobh, cuimhní agus bród a fhanfaidh leo go deo na ndeor. An deireadh seachtaine seo, ag grád na sinsir, tá ceithre fhoireann eile ag tabhairt bóthar na hardchathrach orthu féin agus iad sa tóir ar stair dá gcumann, dá bhfoireann agus dá gceantar.

Ag dul chun páirce i dtosach i bPáirc an Chrócaigh beidh corraithe na Gaillimhe Baile Locha Riach ag imirt i gcoinne Baile Gunnair as Port Láirge.

Anuraidh bualadh Baile Locha Riach le cúilín sa gceathrú nóiméad d'am cúiteamh gortaithe i gcoinne na bhFianna. An séasúr seo áfach, fuair fir na Gaillimhe an ceann is fearr ar Shleacht Néill sa mbabhta leathcheannais. Bhí farasbarr 13 phointe idir seaimpíní na Gaillimhe agus seaimpíní Dhoire ag deireadh an chluiche. Bhí ábhar conspóide ann áfach.

Agus an cluiche ag tarraingt ar na nóiméid dheireanacha, cuireadh Cullen Killeen den pháirc. Dóibh siúd a bhí ag breathnú ar an gcluiche sa mbaile, is beag a chonaic siad den eachtra, ach dar leis na tuairiscí, tharraing fear Bhaile Locha Riach ar imreoir Shleacht Néill agus anois caillfidh sé an cluiche ba mhó dá chumann le beagnach fiche bliain.

Ach beidh buachaillí na Gaillimhe ag súil leis an ócáid agus neart imreoirí acu atá in ann cluichí móra a bhuachan. Tá fir sciliúla acu ar nós Tiernan Killeen, a fuair pointí iontacha ón imirt sa dara leath den chluiche leathcheannais agus Vince Morgan, a d’aimsigh cúl den scoth agus an cluiche idir dhá cheann na meá.

Ina n-aghaidh beidh Baile Gunnair, dream nach aon strainséirí iad don dráma i gcluichí móra.

I bPort Láirge le déanaí tá siad dochloíte, 12 chraobh an chontae buaite as a chéile acu, i gCúige Mumhan tá siad údarásach; Ó 2018 tá 5 chraobh chúige buaite acu ach níor bhain siad áit amach sa gcluiche ceannais ach uair amháin, i 2022. Bhí an bua drámatúil acu an lá sin, ag aimsiú cúl cinniúnach leis an bpoc deireanach den chluiche.

Sa gcluiche leathcheannais roimh an Nollaig fuair siad an ceann is fearr ar chorraithe Loch Gormáin, Naomh Máirtín. Seans nach raibh siad sásta lena dtaispeántas sa gcéad leath ach bhuaigh siad an 23 nóiméad dheireanacha le 12 phointe, paiste imeartha a léirigh cé chomh ceannasach agus is féidir leo a bheith.

Arís is féidir leo brath ar naoscairí ar nós Dessie Hutchinson, réalta na Déise, a fuair 6 phointe ón imirt an lá cheanna, chomh maith le seanadóirí ar nós Pauric Mahony a d’aimsigh 7 bpointe i nDurlas.

Mar sin ar an Domhnach beidh Baile Locha Riach ag iarraidh rud a bhaint amach don chéad uair, agus beidh Baile Gunnair ag iarraidh a léiriú nach i gCúige Mumhan amháin atá siad údarásach agus an dara Craobh Uile Éireann a thabhairt ó dheas leo.

Tar éis cath na fuinseoige, beidh cath mór eile i ndán dúinn agus An Daingean ag tabhairt aghaidh ar Naomh Brigid.

Tá rialacha nua peile i bhfeidhm ar feadh bliana anois, agus go dtí seo tá trí Chraobh Uile Éireann buaite ag foirne Chiarraí. Comhtharlú? B’fhéidir, ach beidh an Daingean ag iarraidh a chinntiú nach iadsan atá folamh agus iad ag filleadh ó Pháirc an Chrócaigh.

Bhí cluiche dochreidte drámatúil acu sa gcluiche leathcheannais. Agus iad 9 bpointe ar chúl ag leath ama, isteach le Paul Geaney, laoch Chiarraí, chun a ghualainn a chur leis an roth. Pointe ina dhiaidh pointe, céim ar chéim, bhí teacht aniar iontu chun an cluiche a thabhairt go ham breise. Más é Paul Geaney an splanc, is léir go raibh an dream a raibh thart air ag fanacht ar a leithéid.

D’aimsigh Tom O’Sullivan pointí áille le cúis na bróige, pointe dúbailte ina measc. D’aimsigh col ceathracha Paul, Conor agus Dylan le 6 phointe eatarthu, Rinne fear an AFL, Marc O’Connor, obair na gcapall ar fud na páirce. D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh. Ach an cheist ná, cén lorg a d’fhág an cluiche sin orthu. Cluiche crua, d’fhéadfadh sé iad a neartú, nó seans gur bhain siad amach barr a maitheasa i gCorcaigh.

Conor Geaney of Daingean Uí Chúis after kicking the winning score in the 2025 Munster club football final
Conor Geaney

Ag fanacht ar bhuachaillí iarthair Chiarraí, tá Naomh Bríd. Cumann eile le neart staire sa gcomórtas seo. Bhuaigh siad craobh na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig i 2013 nuair a d’ardaigh Gearóid Cunniffe agus Darragh Donnelly an corn ar chéimeanna Staid Uí Ógáin. Fuair siad an ceann is fearr ar an mBoth agus cluiche tomhaiste á n-imirt acu agus iad ag cosaint chun seansanna Rory Beggan a laghdú. Ar an ionsaí, bhí siad cruinn, cliste agus sciobtha. Deacair an imirt sin a stopadh.

Dhá bhliain ó shin áfach, ní raibh an lá leo. Scaoil siad le farasbarr de 4 chúilín agus seaimpíní Dhoire, An Ghleann, rathúil ar an lá. Beidh siad ag iarraidh an taithí sin a úsáid le déanamh cinnte go bhfuil siad ag iompar Corn Andy Merrigan leo thar abhainn na Sionainne don dara huair.

Tá taithí ag Naomh Bríd ar an ócáid a bheidh rompu ar an Domhnach. Thosaigh 11 an cluiche leathcheannais a d’imir dhá bhliain ó shin. Ceann de na rudaí ba scanrúla faoin bhfoireann seo ná aois na foirne agus an tromlach den fhoireann fós i lár na bhfichidí. Dá n-éireodh leo ar an Domhnach, seans nach mbeadh ann ach tús dóibh.

Beidh le feiceáil cé a bheidh ag filleadh ar an mbaile Domhnach agus ríméad orthu. Ach rud amháin atá cinnte; Tá dhá chluiche iontacha i ndán dúinn. Tá lá speisialta i ndán do na ceithre fhoireann. Tá lá speisialta i ndán do bhaill na gcumann. Tá lá speisialta i ndán do chlann na n-imreoirí. Tá lá speisialta i ndán do na buachaillí agus cailíní óga ag breathnú ar a laochra áitiúla ag dul chun páirce.

Craobh na gclub – speisialta.