Scríobhann an craoltóir agus iriseoir, Áine Ní Bhreisleáin faoin dlúthcheangail atá idir muintir na hÉireann agus an raidió le céad bliain anuas.
Is doiligh domh smaoitiú siar agus cuimhne a aimsiú d'am nuair nach raibh an raidió i mo shaol, ag monamar sa chúlra fríd na blianta. Mar pháiste ag fás aníos, tá cuimhne mhaith agam ar chlog aláram ag bualadh ó sheomra mo thuismitheoirí agus ceol aitheantais Raidió na Gaeltachta ag gabháil, ar maidin. Bhíodh an raidió ar siúl sa charr, muid ag casadh thart ag lorg comhartha glan ar chúlbhealtaí Dhún na nGall sna naochaidí. Suaimhneas do nuacht nó scéalta báis, scéalta na dTrioblóidí, a bhí ag tarlú leathchéad míle uainn in amanna, ag seoladh chugainn ar na aerthonnta ó Bhaile Átha Cliath. Is cuimhin liom 9/11, ag pilleadh na bhaile ón mheánscoil sa charr le m’athair agus múinteoir eile, agus tuairiscí beo ag teacht ar Radio 1 as Nua Eabhrac.
Tá sé céad bliain i mbliana ó cuireadh tús le seirbhís raidió, le 2RN, in Éirinn. Ainneoin fás as cuimse podchraoltaí, seirbhísí sruthála ceoil agus rogha stáisiúin ar do thoil, tá grá ag go leor sa tír seo don raidió mar mhodh siamsaíochta, eolais agus cumarsáide. Thosaigh mé mo ghairm sna meáin ag obair sa raidió, áit a bhfuair mé tuigbheáil ar láithreacht nuachta, scéalta ag briseadh agus comhrá a choinneáil le daoine. Chas mé ar chairde saoil ann agus d’aithin mé an spéis agus an grá a bhí agam do chúrsaí reatha agus craoladh. Is pribhléid a bhíonn ann scéalta a bhriseadh, a inse agus a chaomhnú ar na aerthonnta agus muna bhfuil meas a léiriú agat do scéal, ní bheidh na héisteoirí i bhfad a inse duit!
Nuair a tharlaíonn scéal mór mall san oíche amhail nuair a tharraing Jim Gavin siar as rás na hUachtaránachta, nó stoirm Eowyn, bím ag súil le Morning Ireland le héisteacht leis an phlé. Tugann Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta agus an Saol ó Dheas le Sláine Ní Chathalláin scéalta áitiúla domh le linn na seachtaine agus is doiligh caighdeán tráchtaireacht spóirt RnaG a bhualadh. Taitníonn ceol na hoíche liom ag an deireadh seachtaine, Late Date ildána, ag craoladh ó bhruach na Laoi ar Radio 1 agus bhí sé de phribhléid agus de phléisiúr agam seal a chaitheamh mar láithreoir ar Céilí House le tamall fosta, a nascann comhrá agus ceol, rudaí atá gar de mo chroí. Bím sa ghlóir mar thuairisceoir nó mar éisteoir le linn clúdach toghchánaíochta agus laethanta an chuntais ar an raidió, ag dul idir stáisiúin le achan deor eolais a shú isteach. Cá bhfaighfeá sárú an ghrinnfhiosrú agus na rúin a nochtann polaiteoirí le Barry Lenihan,fiosracht Sarah McInerney ar maidin, nó tras cheistiú Chormaic Uí Eadhra ar Late Debate?
Crothnaím glórtha mo chairde, Séamus Mac Géidigh agus Rónán Mac Aodha Bhuí, atá greannta i scéal mo phobal agus i mo shaol féin, sár chraoltóirí a thug cuidiú agus gríosadh domh. Smaoiním ar Mhicheál Ó Muircheartaigh, glór spórt ár linne, agus ar ghlór eile a linne, Micheál Ó hEithir. Tá glórtha agus ainmneacha ag achan ghlúin, na daoine a chuir tú nó deireadh lena lá éisteachta. Mná láidre cosúil le Marian Finucane a chaith a saol mar chraoltóir raidió. D’fhág Seán Rocks uasal bearna ina dhiaidh, fear a nasc na healaíona cultúr agus siamsaíocht go paiteanta achan tráthnóna ag a 7 a chlog, lena chanúint ceolmhar. Téim go fóill ag eachtraíocht fríd chartlanna Raidió na Gaeltachta agus Radio 1, ag cuartú cláracha faisnéise faoi bhéaloideas, stair na tíre agus cibé ábhar atá mar pheata spéise agam ag an am áirithe sin.
Go minic aimsíonn daoine spás ar an raidió le scéal a inse, am nach mbíonn ar fáil i gcónaí ar chainéal teilifíse. Thig léimtí go furast thar sáile, dosaen a bheith i stiudeó leat agus pictiúr a chuir os comhair an éisteora le focail. Taitníonn caint agus comhrá liom, agus creidim gur gaol gairid den raidió iad na podchraoltaí, athrú eile ar mheán traidisiúnta, le cumarsáid ag a chroí. In aimsir seo na bréagfhaisnéise agus na mífhaisnéise, ba mhaith liom muinín a bheith agam as foinsí nuachta. Tá athruithe ag teacht de shíor chuig raidió, stáisiúin cosúil le Gold druidte, béim ar ghné físe a bheith ann anois, le freastal orthu siúd a bhíonn ag éisteacht agus ag coimhéad. Ní thig le lucht stiúrtha raidió neamhaird a dhéanamh de mhianta agus de threochtaí éisteoirí, den chartlann luachmhar atá acu a chuir ar fáil agus gan rith go heaglach ó fhorbairtí úra teicneolaíochta.
Is iomaí athrú a tharla ó craoladh an chéad phíosa raidió in Éirinn, agus tá súil agam, mar thír,go bhfanfaidh muid dílis do chlosábhar, agus dár mbua scéalaíochta. Beidh coimhlintí i gcónaí ann le athruithe sceidil, craoltóirí a gcailleadh agus cláracha ag dul go tóin poill, ach má tá ábhar fiúntach ann, is fiú cluas a thabhairt do. Caithfear deis a thabhairt do ghlórtha úra, glórtha óga agus éagsula, i nGaeilge agus i mBéarla. Tá easpa mór glórtha Ultacha Béarla ar na aerthonnta agus easpa glórtha Tuaisceartacha ag láithriú i nGaeilge, bearna nach bhfeicim deacracht ar bith a líonadh. Tá sainspéiseanna ag daoine agus má dhiúltaíonn an raidió ardán daofa, is chuig na meáin shóisialta a rachaidh siad, le na mílte leantóir. Cuireann an raidió éagsúlacht ar fáil, ach caithfear a chinntiú nach bhfágtar aicmí, aoiseanna nó cúlraí as an áireamh. Is cainteoirí agus éisteoirí maithe muid sa tír seo,go maire an raidió céad bliain eile!