Aréir a tháinig an scéal go raibh Seán Ó Sé ar shlí na fírinne. Bhí aithne againne air mar amhránaí, mar Ghael agus mar phearsa mór le rá. Inniu, craolfar clár speisialta in ómós don bPocar mar a thugtaí air beo ó Bhaile an Róstaigh, i gCorcaigh.
I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil ar an gclár ag caint faoi oidhreacht agus faoi bhuanna Sheáin, beidh an Taoiseach, Mícheál Martin, a chara mór ceolmhar, Peadar Ó Riada, Seán Ó Liatháin, Máire Ní Chéilleachair, Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Labhrás Ó Murchú agus Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin.
Roinnfidh a chairde a gcuimhní cinn ar an bhfear agus a shaol cheolmhar, iarbhainisteoir óstán an Hillgrove sa Daingean, John Ó Muircheartaigh ina measc, áit ar chaith Ó Sé seal mar fhear a' tí ann.
An Saol Ó Dheas beo ó Chorcaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 12.08pm