skip to main content

Sustainable fashion with an edge: Síorstíl

Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir Síorstíl.
Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir Síorstíl.

Labhair muid le Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir Síorstíl ar TG4 faoina ról agus a meon i dtreo éadaí nua anois.

Tá cuid mhaith againn ag súil le nósanna maidir le faisean inbhuanaithe a chothú an t-am seo den bhliain, an bhfuil aon rud foghlamtha agatsa maidir le stíl agus faisean inbhuanaithe ó Shíorstíl?

Smaoiníonn sula gcaithim amach éadaí. An bhfuil duine ar m'aithne a chaitheadh seo? An féidir saol eile a thabhairt don mball éadaigh?

Chonac duine de na moltóirí i mbliana, Deirdre Allen, agus cruth eile á chur aici ar ghúna don gclár le cúpla greim fuála. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh, leis na scileanna cuí. Is fearr paiste ná poll.

Spreagadh mé le bheith níos cróga chomh maith, agus mé ag gléasadh. An féidir gúna a chaitheamh droim ar ais, mar shampla, le cuma eile a chur air?

Bíonn fonn orm ar uairibh dubh amháin a chaitheamh. Chonac arís i mbliana áfach, an tslí gur chuir na hiomaitheoirí agus moltóirí a bpearsantacht in iúl via a gcuid éadaigh, agus is mé a bhí tógtha leo.

An bhfuil do nósanna féin athraithe ó thosaigh tú ag obair ar an gclár?

Tá! Seo sraith a dó, agus d’aon ghnó níor cheannaíos aon éadaí nua don tréimhse scannánaíochta. Tá súil agam cuid de na feistis a thaispeáint ar na meáin shóisialta i rith na míosa, ag léiriú gur féidir teacht ar sheoda i do vardrús féin. Is féidir cuma nua a chur ar éadaí ag brath ar cad leis a chaitheann tú iad.

Anuas ar sin bhí dúil agam riamh i siopaí carthannachta, ach tá borradh faoi sin le tamall. Fiú agus mé ag taisteal anuas ó Bhaile Átha Cliath chuig Ciarraí le déanaí, bheartaíos stopadh i Mainistir na Féile, chun cuairt a thabhairt ar an siopa SVP, atá ar an bpríomhshráid ann. Thugas dhá mhála láimhe liom abhaile!

Baineann Síorstíl le cumas cruthaitheachta na n-iomaitheoirí, an bhfuil aon phíosa/ chulaith a sheasann amach duit ón tsraith nua?

Tá tallann dochreidte ag na hiomaitheoirí go léir, agus stíl faoi leith acu ar fad. I gceann cúpla seachtain craolfar clár ina gcruthóidh siad cultacha bunaithe ar an seánra ceoil is deise leo. Roghnaíonn siad ar fad seánra difriúil, agus is fiú go mór a gcuid oibre a fheiscint.

Tagann agus imíonn faisean ach fanann stíl, cé hé/ hí a spreagann do stíl?

Táim ana ghafa le Dior ó thosaigh Jonathan Anderson ina ról mar stiúrthóir cruthaitheach leo. Bím á leanúint ar-líne.

Faighim inspioráid ó chuntais éagsúla Insta, agus de réir a chéile tá tuiscint níos fearr á fháil ag an algartam ar na nithe a mheallann mo shúil! Thaitin stíl Diane Kruger liom riamh agus Rihanna.

In each episode, contestants face different design challenges that test their skills in sustainability, innovation, and style. The grand prize goes to the designer who can best demonstrate the transformative power of repurposed materials while maintaining the creative flair needed for high fashion. Alongside the regular judging panel, each episode features a guest judge connected to the challenge, including notable figures like Eimear O'Reilly, Póilín Nic Géidigh, Virtue Shine, Don O'Neill, Cian Ó Gríofa, and Ríon Hannora.

The show’s first episode, airing on January 14th, kicks off with a bold challenge where the designers must create an 'Is Mise’ fashion-forward outfit, using the second-hand and upcycled clothing provided. This task allows the contestants to show the audience their personal style from the start. From there, the contestants will take on new challenges each week, testing their ability to reimagine the potential of everyday materials. From Pride to an African festival the possibilities are endless.

In addition to showcasing groundbreaking designs, Síorstíl offers a career-enhancing prize for the winner, made possible by two generous sponsors: Vision Ireland, and the Design & Crafts Council Ireland.

Síorstíl is a show that proves sustainability and style are not mutually exclusive. By focusing on the creative potential of recycled materials, Síorstíl offers a fresh perspective on how we can reinvent our wardrobes and reduce waste, all while celebrating the artistry and ingenuity of its contestants.

Tosaíonn Síorstíl Dé Céadaoin, Dé Céadaoin, 14 Eanáir 2026 ag 8.30