Tuairiscíodh inniu go bhfuil an t-amhránaí clúiteach, Seán Ó Sé ar shlí na fírinne. Bhí aithne ag muintir na hÉireann air mar gheall ar a ghuth láidir, binn agus a phearsantacht álainn.
Duine mór de Ghaeltacht Chorcaí ab ea Ó Sé agus rinne sé éachtaí ar son na teanga ach go háirithe don amhrán An Poc ar Buile. Bhí oiread aithne ag daoine air maidir leis an amhrán sin go dtugtaí 'An Pocar' air. Ag deireadh na bliana seo caite, agus é ag teannadh le 90, labhair sé faoin nguth láidir a bhí fós aige agus é ag dul in aois.
Éist anseo le Ó Sé ag caint ar An Saol Ó Dheas mar gheall ar an dochtúireacht oinigh a bronnadh air i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Féach anseo ar Sheán Ó Sé agus é ina fhear óg, á chur faoi agallamh ag Nuala Ní Dhomhnaill don chlár Súil Thart sa bhliain 1988 agus é ag caint faoi na hamhráin a bhí á gcur aige ar a albam.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí aithne mhaith ag Seán Ó Sé ar Sheán Ó Riada a tháinig go Gaeltacht Chorcaí agus a thug le chéile Ceoltóirí Chualann (a raibh dlúthbhaint ag Ó Sé leis). Labhair sé faoin meas agus cion a bhí aige ar Ó Riada ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh agus iad ag tabhairt faoin gcomórtas Laoch na nGael.