Bhí An Saol Ó Dheas beo ó Bhaile Átha Cliath lena mbua a cheiliúradh le muintir na Ríochta. Labhair foireann agus lucht tacaíochta na foirne le Sláine Ní Chathalláin faoi thábhacht na bua.
Is measc na ndaoine a labhair ar an gclár, bhí Cathaoirleach an Chlub agus Bainisteoir RTÉ RnaG i gCiarraí, Dara Ó Cinnéide faoin mórtas cine agus an tacaíocht a fuair an fhoireann ní hamháin i gCiarraí ach níos faide i gcéin ó na Gaeltachtaí eile timpeall na tíre.
Labhair bainisteoir na foirne, Fergal Ó Sé faoin dua a chur an fhoireann orthu féin go háirithe le seachtainí beaga anuas nuair a bhí cluiche i ndiaidh chluiche á imirt acu agus cuid mhaith den fhoireann gortaithe.
Bhí an t-imreoir iomráiteach, Louise Ní Mhuircheartaigh ag caint faoin misneach a d'aimsigh an fhoireann agus iad ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh, áit fíorspeisialta dóibh siúd a imríonn na cluichí Gaelacha.