Labhair an Feisire Eorpach Seán Kelly ar an gclár Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcomhaontú Mercosur ar maidin.
Dúirt an Feisire Eorpach Seán Kelly, más rud é go ndiúltaítear don chomhaontú Mercosur, go bhféadfadh cinneadh na hÉireann gan tacú leis an socrú trádála deacrachtraí a chruthú dúinn san Eoraip amach anseo, go háirithe sna cómhráití faoin gComhpholasí talamhaíochta.
Cé nach raibh an feisire Kelly toilteanach a rá an raibh se ar son nó i gcoinne an chomhaontithe ag an tráth seo, dúirt sé gur bua a bhí i gcomhaontaithe trádala don dá pháirtí agus go mbeadh buntáistí ag go leor earnálacha sa tír seo as an margadh , earnáil na déiriochta san áireamh, cé gur ghlac sé leis go raibh deacrachtaí le earnáil na mairteola.

Dúirt Seán Kelly go raibh sé ag súil le díospóireacht chuimsitheach agus mhacánta faoin gcomhaontú nuair a thiocfadh an t-ábhar faoi bhráid Phairlimint na hEorpa, agus gur ag an tráth sin a shocródh sé ar bhfearr glacadh nó diúltú den Chomhaontú.
Éist le hAdhmaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.