Labhair muid le Seán Ó Muireagáin, údar Sí faoina leabhar nua a roghnaigh RTÉ RnaG mar leabhar na míosa, agus an tslí gur spreag an pholaitíocht é le dul i mbun pinn ar ábhar gruama, banmharú.
Cad a spreag thú le tabhairt faoi Sí a scríobh?
San am i láthair tá ionsaithe marfacha as cuimse ar mhná. Agus déanta na fírinne, níl ann ach méadú ar líon a bhí measartha ard ariamh anall. Ach bhí scéalta sa nuacht le blianta fada anuas faoi mhná a maraíodh ach gur ghlac na póilíní go rófhurasta leis gur féinmharú a bhí ann. Creidim féin go dtarlaíonn sin i bhfad níos minice ná a chreidtear. Tá meon fearúlachta ag dul thar cailc le fada an lá mar gheall ar mhóradh an eite dheis ar fud an domhain, agus an dearcadh diúltach a bhaineann leo i leith na mban. Sin a spreag an scéal ar an chéad dul síos.
An féidir leat cur síos a dhéanamh ar do phróiseas scríbhneoireachta féin, mar údar?
Bíonn an smaointiú agam. Tig sé go tobann den chuid is mó. Scríobhaim síos an smaointiú go gasta. Caithim tamall eile ag tógáil ar an smaointiú, fríd taighde agus eile. Cuirim feoil ar chnámha an scéil agus ansin déanaim mo dhícheall ciall níos iomláine a dhéanamh dó. Ní ghlacann an chuid seo ach cúpla mí de ghnáth ach níl ann ach tús an phróisis. Ina dhiaidh sin. Eagarthóireacht, eagarthóireacht, eagarthóireacht.
Éist anseo leis an údar ag caint faoin leabhar ar an gclár, An Cúinne Dána.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
An mbeifeá in ann cur síos a dhéanamh ar an scéal i dtrí fhocal?
Scéal mear, corraí.
Cad atá á léamh agat féin faoi láthair?
Dordéan le Róise Ní Bhaoill. Fá Bhruach an Chladaigh le Cormac Mac Giolla Easpaig agus I Muinín na nDúl le Máire Dinny Wren. Agus fiche leabhar eile nach iad.
Is féidir cóip den leabhar Sí a cheannach ón bhfoilsitheoir, Éabhlóid anseo.