Scríobhann stiúrthóir Chartlann Christy Moore a bheidh le feiceáil ar TG4 Oíche Chinn Bhliana ag 10.10pm faoin taithí leis an amhránaí agus cumadóir fíorthábhachtach.
Nuair a thosaigh muid ar Cartlann Christy Moore, shíl mé go mbéinn ag déanamh scannán faoi na hamhráin, an fear agus an glór a bhí aitheanta i ngach teach sa tír. Ach ní fada gur thuig mé go raibh mé ag dul i ngleic le rud i bhfad níos mó: le fear a raibh a mhéar aige ar chuisle na tíre le beagnach trí scór bliain.
Nuair a chonaic mé a chartlann pearsanta den chéad uair — boscaí móra, nótaí lámhscríofa, ealaín na gceirníní, póistéir, pictiúirí, leabharthaí liricí, litireacha & comms ón Cheis Fhada — bhí mé tógtha. Tá thart ar 200 amhrán taifeadta aige d'ITMA le bliain go leith anuas, gan trácht ar a bhfuil tugtha aige dóibh: setlists, ceirníní annamha, agus míreanna nach bhfaca aon duine riamh. Beidh taispeantas don ábhar seo uilig le feiceáil in ITMA in 2026 — ciste órga don tír.
Anois, rud fíor-thábhachtach - tá sé beo agus é ag tabhairt seo ar fad dúinne. Ní minic a tharlaíonn sin. Is bronntanas é a thagann óna chroí do gnáth dhaoine na tíre seo.
Sa scannán, labhair daoine faoin tionchar a bhí aige.
Dúirt Paddy Glackin -
"Níl córas onóracha againn in Éirinn, ach dá mbeadh Bard Náisiúnta againn, is é Christy Moore a bheadh ar bharr an liosta."
Dúirt DJ Provaí - "Nuair a théann tú chuig ceolchoirm de chuid Christy, tá sé cósúil le dul ar Aifreann nó rud éigin — tá a fhios ag achan duine na focail uilig." Tá sin fíor, níl tú ag éisteacht leis, tá tú páirteach ann.
Dúirt Radie Peat - Smaoiníonn daoine ar Christy mar amhránaí solo, ach bhí sé lárnach i gcur le chéile saol an ceol folk agus traidisiúnta atá aithne again ar inniú in Éirinn. Ní bheadh Planxty againn ach cibé gur thug Christy le Chéile iad da cheirnín Prosperous. D’athraigh sé tírdhreach an ceoil.
Bhí an t-iar-Uachtarán Michael D. Ó hUigínn féin again agus dúirt sé - "'Joxer Goes to Stuttgart’ ceann de na píosaí is fearr a scríobh éinne ariamh." Ní rachaidh mé ag argóint leis.
Agus an file Paula Meehan ag caint faoin eagarthóireacht atá le feiceáil ar liricí amhráin ina chuid leabharthaí nótaí -"It’s all through his archive… it’s his craft… that’s what song is about — embedding, embedding." Agus tá sin fíor, tá údar na n-amhrán aige.
Rud a rinne muid iarracht a chuir trasna sa scannán nó go bhfuil comhthéacs pearsanta ag Christy lena chuid amhráin ar bhealach nach bhfeiceann tú go minic. Chaoin sé an tír — chuir sé focail ar rudaí nach raibh aon duine eile abalta a rá, rinne sé sin ar dhóigh a chuaigh i gceann go mór ar chos muintir na tíre. Sheas sé leis an gnáth dhuine, leis an dream a bhí ar an imeall, ach fosta thug sé ardú croí agus siamsaíocht dóibh; sin an Christy a fheiceann muid sa scannán. Tá cearta daonna lárnach ina chuid gníomhaíochta agus obair saoil i gcónaí.
Ba mhór an ónóir domh go dtug Liam O’Connor agus ITMA cuireadh domh seo a dheanamh le Christy agus go raibh Proinsias Ní Ghráinne agus TG4 ar ár gcúl ón chéad lá. Rinne mé féin agus an fhoireann taifeadta iontach bhí linn iarracht an trust sin a bhí cothaithe idir Christy agus ITMA a léiriú agus ómós ceart a thabhairt do na hamhráin agus scríbhneoirí s'acu leis. Beidh Cartlann Chgristy Moore lonnaithe in ITMA ó seo amach agus tá an áit cheart roghnaithe ag Christy. Tuigeann siad an abhár agus beidh saol ag na h-amhráin seo inár dtraidisiún ar feadh fada, fada a lá. Tá an cartlann seo mar léarscáil ar a shaol agus ar ár stair féin.
Tá muid ag ceiliúradh Christy, agus é beo — agus sin an rud is áille ar fad.
Beidh Cartlann Christy Moore le feiceáil ar TG4 ar Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2025 ag 22:10. Tá súil agam go mbeidh sibh inár gcomhluadar don turas seo — turas a thugann sinn go croílár na n-amhráin, croílár scéal na tíre féin, agus croílár Christy Moore.
Cartlann Christy Moore, Oíche Chinn Bliana 10.20pm ar TG4