skip to main content

Oidhreacht agus ómós: Cloch le Carn

Scríobhann an craoltóir agus tráchtaire, Garry Mac Donncha faoina chuid oibre ar Chloch le Carn a dhíríonn ar oidhreacht dhaoine aitheanta in Éirinn, an Nollaig seo, Mary O' Rourke agus Jon Kenny.

Nuair a craoladh 'Cloch le Carn' don chéad uair i 2009, clár a chaith súil ar shaol Conor Cruise O'Brien, is clár leathuair an chloig a bhí ann agus is amhlaidh a bhí go dtí cúpla bliain ós shin nuair a shíl muid go raibh ábhar uair an chloig ins na cláracha chun iniúchadh ceart a dhéanamh ar shaol an té a bhí imithe ar shlí na fírinne. Níl aon amhras ach gur fhág Mary O'Rourke agus Jon Kenny a lorg ar mhuintir na hÉireann, daoine a bhí an-éagsúil óna chéile ach is cinnte gur sheas obair chrua agus díograis dóibh beirt.

Rugadh Mary O'Rourke i dteaghlach a bhí ar maos i saol na polaitíochta. Bhí a hathair Patrick Lenihan ina Theachta Dála agus bhí a deartháir Brian Lenihan ina Aire Sinearach agus Tánaiste agus chaith sí féin beagnach dhá scór bliain ina hionadaí poiblí. Faigheann muid léargas sa gclár faoin gcineál polaiteoir a bhí inti, á bhuíochas rannpháirtíocht ó leithéidí Micheál Martin, Mary Coughlan, Mary Hanafin agus Bertie Ahern, a labhair faoin tacaíocht a thug Mary dó nuair a ceapadh ina Thaoiseach é agus faoina dílseacht, agus rinne sé leas-cheannaire an pháirtí di. Ach dúirt sé freisin nach raibh aon drogall uirthi íde na muc 's na madraí a thabhairt ar dhuine, é féin san áireamh!

Mary O' Rourke

Is dóigh liom gurb é an fáth go n-oibríonn 'Cloch le Carn' chomh maith mar chlár ná go nglacann teaghlaigh na marbh páirt iontu. Thug beirt mhac le Mary, Feargal agus Aengus, agallaimh a bhí thar a bheith cumhachtach dom, agus labhair siad chomh macánta faoin ngrá a bhi aici dóibh agus go háirithe dá fear céile Enda, a bhásaigh go tobann I 2001, 23 bliain sular bhásaigh sí féin. Faigheann muid léargas freisin ar chomh bródúil agus a bhí sí as a garchlann, agus níor thug sí cead dóibh Granny, Nana nó Mamó a thabhairt uirthi, bhí orthu Mary a ghlaoch uirthi.

Is beag teach in Éirinn nach raibh fístéip nó DVD de chuid d'Unbelievables sa chófra acu. Is cuimhin liom dul chuig Amharclann an Tivoli chun féachaint orthu ar stáitse i 1997 agus ní dóigh liom go ndearna mé an oiread gáire riamh roimhe nó ó shin ag aon ócáid beo dá leithéid. Creidim freisin go raibh bá ar leith ag muintir na tuaithe leo - bhí múinteoir agamsa a bhí cosúil leis an gceann a ndearna Pat Shortt aithris air, agus bhí traenálaí faoi-aois peile agam cosúil le carachtar craiceáilte Jon Kenny.

An rud a chur iontas orm faoi Jon ná gur oibrigh sé i saol na siamsaíochta amháin ó bhí sé ina dhéagóir. Faigheann muid léargas sa chlár ar chomh crua agus a d'oibrigh sé agus ar chomh hilghnéitheach agus a bhí sé. Thug a bhean chéile Margy agallamh thar a bheith mothúchánach dúinn faoi Jon, faoina dhiongbháilteacht barr réime a bhaint amach agus freisin labhair sí linn faoina thinneas. Labhair Mary McEvoy linn faoin am gur thaistil sí féin agus Jon timpeall na tíre lena léiriú den dráma an Matchmaker le John B Keane agus thug muid Pat Shortt ar ais ar bhóithrín na smaointe freisin. Bainfidh an clár neart gáire as daoine freisin, é líonta le míreanna ón gcartlann fíorghreannmhar.

Craolfar Cloch le Carn, Mary O' Rourke ar RTÉ ONE, 28 Nollaig ag 7.30

Craolfar Cloch le Carn, Jon Kenny ar RTÉ ONE, 31 Nollaig ar 8pm