skip to main content

Cartlann RnaG bronnta ar phobal Ráth Chairn

Bhronn RTÉ Raidió na Gaeltachta cartlann lán le ceol, amhráin agus agallaimh a taifeadadh le pobal Ráth Chairn le 90 bliain anuas ar Choiste Oidhreachta Ráth Chairn ag ócáid speisialta in Áras Pobail Ráth Chairn.

Tá Gaeltacht Ráth Chairn ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód i mbliana, agus táthar ag cuimhneamh ar na teaghlaigh a chuir tús leis an athlonnú mór ó cheantair Ghaeltachta an Iarthair soir go Ráth Chairn glas na Mí ar an 12 Aibreán 1935 agus saol níos fearr dóibh féin á lorg acu.

D'aistrigh triúr agus ceithre scór duine misniúil as Conamara ar an lá sin, iad ag fágáil slán leis an gcósta, lena bpobal agus lena muintir chun dul i gceann an tsaoil as an nua, faoi scéim de chuid Coimisiún na Talún. Aithníodh Ráth Chairn ina Ghaeltacht oifigiúil sa bhliain 1967.

Tá oidhreacht shaibhir caomhnaithe ón chéad ghlúin a thug aghaidh ar Ráth Chairn san ábhar stairiúil seo. Tugann na hagallaimh agus na píosaí cainte agus ceoil ón gcartlann léargas ar stair phobal bhríomhar Ráth Chairn ón bhliain 1935 ar aghaidh.

Neansai Ni Choisdealbha Gearoid Mac Donncha Noirin Ni Chonghaile RTE Raidio na Gaeltachta agus Mairead Ni Eannai Coiste Oidhreachta Rath Chairn_
Neansai Ni Choisdealbha, Gearoid Mac Donncha Noirin Ni Chonghaile RTE Raidio na Gaeltachta agus Mairead Ni Eannai Coiste Oidhreachta Rath Chairn

Tá agallaimh ón bhliain 1935 a rinneadh leis an chéad dream a lonnaigh sa Ghaeltacht nua seo le cloisteáil sa chartlann, agus déantar cur síos beacht iontu ar an aistear fada a bhí acu as Conamara, agus cén chaoi ar shocraigh siad síos. Tá Máirtín Chóil Naine Pháidín Mac Donncha, Micil agus John Conroy agus a lán eile i measc na nglórtha atá le cloisteáil ar na taifeadtaí seo, chomh maith leis na glúinte a rugadh is a tógadh i Ráth Chairn le 90 bliain anuas, go dtí an lá atá inniu ann, idir óg agus aosta.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Glórtha Rath Chairn atá scríofa ar an mbosca ina bhfuil an t-ábhar cartlainne stóráilte mar sin é go díreach ann. Glórtha na ndaoine, ceol, amhráin agus scéalta - scéalta a bhaineas gáire agus deora as daoine. Cloisfear spiorad agus fuinneamh an phobail, mar atá sé inniu, uathu siúd a tháinig rompu agus an dream a thug faoin turas go lár tíre i 1935.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá ríméad orainn in RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-ábhar seo as cartlann an stáisiúin a bhronnadh ar phobal Ráth Chairn. Léiríonn sé an ceangal atá agus a bhí ann idir an raidió agus pobal na háite mar tá stór agus bailiúchán iontach ann, ábhar a tógadh ó 1972 nuair a bunaíodh an stáisiún.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le foireann an raidió a rinne obair mhór chun an bailiúchán seo a tharraingt le chéile, sin iad Neansaí Ní Choisdealbha, Noirín Ní Chonghaile, Bobbie Ní Chualáin agus Caitlín Ní Chualáin.

Tá súil agam go mbainfidh sibh sásamh as an mbailiúcháin seo, go mbainfidh sibh úsáid as agus go gcabhróidh sé le léargas staire a thabhairt don dream óg atá ag teacht aníos. Comhghairdeas libh agus sibh ag ceiliúradh an nócha bliain agus guím gach beannacht agus rath oraibh."

Craoladh eagrán speisialta de Iris Aniar, beo ó Ionad Pobail Ráth Chairn maidin Dé hAoine 12 Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá féasta ceoil, craic agus cuimhní cinn le pobal Ráth Chairn le cloisteáil ar an gclár, curtha i láthair ag Micheál Ó Tuathail agus ar fáil ar Sheinnteoir RTÉ RnaG.

Beidh scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí as Ráth Chairn le clos ar Ceol Binn ó na Beanna le linn tréimhse na Nollag, curtha i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha.