skip to main content

Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge ceaptha ag DCU

Ceapadh Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge na Comhairle Ealaíon in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 2026. Is í an file agus scríbhneoir as Dún na nGall, Laoighseach Ní Choistealbh a roghnaíodh.

Rugadh Laoighseach i gceantar an Lagáin in oirthear Dhún na nGall ach tá cónaí anois uirthi i nGaeltacht Chonamara. Is scríbhneoir óg, bisiúil í a bhfuil saineolas aici ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge, ábhar ar bronnadh PhD uirthi ina leith in 2025. Is é Solas Geimhridh agus Dánta Eile (Barzaz, 2023) an chéad chnuasach uaithi agus foilsíodh Mainistir na Feola (Barzaz, 2025) le tamall gairid anuas. Tá sí ag obair ar dhá chnuasach eile faoi láthair: Éiric na Seirce (athinsint ar an téacs Comracc Líadaine ocus Cuirithir ón 9ú haois) agus Baile an Eibhir (a dhíríonn ar shaol na Gaeltachta sa lá atá inniu ann ó pheirspictíocht 'An Strainséara'). Tá rún aici an dá thionscadal sin a chur chun cinn i rith na cónaitheachta in DCU.

Rachaidh an clár suaitheanta seo chun sochair do 12 ealaíontóir as seacht n-ollscoil i mbliana. Léireofar ina saothar atá romhainn amach éagsúlacht agus saibhreas thírdhreach cruthaitheach na hÉireann. Cuimseofar sna cláir a bheidh ann Litríocht Bhéarla agus Ghaeilge, Scannáin, na hEalaíona Digiteacha agus na hEalaíona Traidisiúnta.

Tá deis iontach ar leith ag Ealaíontóirí Digiteacha i mbliana — tá siad san áireamh sa chlár den chéad uair riamh trí bhíthin trí threoirchónaitheacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, in Ollscoil na Gaillimhe agus in Ollscoil Luimnigh.

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do shármhaitheas ealaíne a chothú agus do thimpeallachtaí oideachais a shaibhriú agus tá clár na nEalaíontóirí i gCónaitheachtaí ina bhunchloch den tiomantas sin.

Tosóidh na hiarratasóirí ar éirigh leo ina bpost úr go luath in 2026.

Rinne Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, comhghairdeas leis na hiarratasóirí ar éirigh leo:

"Agus mé i mo Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon, tá ríméad orm comhghairdeas a dhéanamh leis na hEalaíontóirí Cónaithe nua inár n-ollscoileanna. Tugann na cláir seo tacaíocht d’ealaíontóirí chun a gcleachtas a neartú agus, ag an am céanna, tugann siad fuinneamh cruthaitheach úr isteach sa teagasc, sa taighde agus i saol an champais. Trí mhic léinn agus baill foirne a nascadh le healaíontóirí gairmiúla, spreagann siad smaointe úra agus taispeánann siad an chaoi a bhféadfaidh an chruthaitheacht an uile dhisciplín a fheabhsú. Táimid fíorbhuíoch dár gcomhpháirtithe ollscoile as a síorthiomantas do na cónaitheachtaí seo."

Mar aon leis an 12 ealaíontóir nua seo, thosaigh 10 ndámhachtaí eile i gcónaitheachtaí sna hEalaíona do Leanaí agus Daoine Óga i seacht nInstitiúid Ardoideachais ag tús na bliana acadúla 2025-2026.