Scríobhann ár gcolúnaí anaithnid faoi na nithe a chloiseann agus a deir páistí óga, i ngan fhios dúinn.
Sí an Nollaig í!
Bhí na puimcíní 's tornapaí Samhna fós ag lobhadh ar leac an dorais s'againne agus an ruaigh curtha ag gach rian den Fhómhar ag gach éinne eile ar an sráid ar gcéad lá de Samhain. Bhí tús curtha ag cuid le maisiú na Nollag fiú, agus ní gan suntas.
‘Sí an Nollaig í’ arsa duine de mo chóisir óg ag féachaint ar comharsa ag maisiú a doras fleasc Nollag.
‘Cuir amhrán Nollag ar siúl! An féidir linn an crann a mhaisiú?’
‘An bhfuil cead againn ár litreacha a scríobh inniu?’
Bhain mé plaic as an slisín deireadh den bhairrín breac, agus bhailigh mé mo mhisneach chun féachaint ar an bhféilire agus na seachtainí fada a bhí fágtha go dtí an lá mór. Conas a mhíneoinn go raibh tamall fada fágtha go dtí an Nollaig?
D’fhéachamar ar fhéilire na bliana le chéile agus phléamar cathain an mbeadh na laethanta móra inár saoil. Lá Fhéile Vailintín, na laethanta breithe ar fad, Oíche Shamhna, Domhnach Cásca, Lá le Pádraig. Ba dheacair do mo bheirt óg é a shamhlú go mbeadh tagairt ar an Nollaig sna siopa, ar an raidió, maisiú tosaithe ag cuid agus ullmhúchán ar siúl cheanna féin agus an oiread sin ‘Sleeps’ fós fágtha. B’fhéidir go dtagann ciall áirithe roimh aois? Bheartaíomar ar mharc beag a chur ar an bhféilire gach lá chun go mbeadh a fhios againn cé mhéid lá a bhí fágtha.

Tar éis an bplé sin a bheith againn ar maidin, bhí mearbhaill ceart maidir le cathain a thiocfadh an Nollaig orthu ansin nuair a shiúlamar thar grúpa daoine a bhí bailithe le bratanna lasmuigh d’ionad IPAS. Bhí lucht na mbratach ag cur in aghaidh na háite go glórmhar agus go bagrach. Bhí brat trídhathach ár dtír uasal crochta in airde i lámha na daoine seo agus céad míle masla á gcaitheamh acu leo siúd ina gcónaí san áit agus ré an chéad míle fáilte thart thart is cosúil.
‘Mórshiúil! An Lá le Pádraig atá ann?’ a dúirt duine de mo bheirt. ‘Conas? Nach dtagann an Nollaig tar éis Oíche Shamhna?’
‘Cén fáth an bhfuil na daoine sin ag rá le daoine dul abhaile? Sin baile na páistí sin, nach ea a Mham?’ arsa an duine eile.
Baineadh stad asam. Chonaic mé grúpa páistí, ar chomhaois le mo bheirt féin ar an dtaobh eile den gclaí agus iad ag spraoi ar na luascáin sa charrchlós, ag féachaint ar an ngrúpa seo ag bailiú. Líon mo chroí le fearg, mo shúile le deora agus m’anam le freagracht, ach conas a mhíníonn tú an ghráin le páiste chomh óg?
Cuireann úsáid bratach ár dtír ag grúpaí mar seo olc orm. Is cuimhin liom Samhradh a chaitheamh i ndeisceart Mheiriceá agus mé óg agus brat na Cónaidhme, nó an brat ‘Dixie’ mar a thugann cuid daoine air, in úsáid ag grúpaí ciníocha ann. Thuig tú nuair a bhí an brat sin ar charr nó tigh, cé a bhí ina gcónaí ann, agus tá an scéal céanna anois anseo. Feiceann tú brat na hÉireann ar charr anois, agus caithfidh tú ceist a chur ort féin, an bhfuil Éireann ag imirt i gcomórtas éigin, nó an bhfuil an duine sin ag iarraidh fógairt nach bhfáiltíonn siad roimh imircigh? Ní chreidim go bhfuil an débhríocht sin i gceist lenár mbrat féin anois. D’fhoghlaim mo leanaí ar scoil gur siombail é an brat trídhathach de theacht le chéile agus tuiscint agus meas ar chultúr agus creidimh éagsúla na tíre, ach é in úsáid ar an lá seo chun a mhalairt a chur in iúil.
Bhí mé ag cuardach na focail cearta chun plé cuí a dhéanamh ar cheard a bhí ar bun ag an ngrúpa i mbun agóide, ach agus mé ag bailiú mo chuid smaointe, bhí an duine is sine tar éis an cinneadh a ghlacadh lucht na mbratach a cheartú.
‘Ní Lá le Pádraig é! S’í an Nollaig í!’ ar sé.
D’fhéach mé ar bhean amháin le haghaidh a bhí teann le fearg go dtí sin agus brat in a lámh aici. Chaith sí súil i dtreo mo bheirt agus chaith mise súil i dtreo an bheirt óg ar thaobh eile an chlaí ag spraoi ar na luascáin i gcarrchlós an ionaid. ‘Tá an ceart aige, ‘sí an Nollaig í!’ arsa mise go bog léi. Bhain sin an ghaoth as a bratach di. Bíonn fírinne an linbh níos seirbhe ná mála Tangtastics, a dhuine!
Le gach dea-rún
An Cat ‘s a Cóisir