Bhí an t-údar Áine Ní Ghlinn ar Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint faoi na leabhair is fearr do pháistí i nGaeilge don bhliain 2025.
Leabhair do pháistí an-óg
1. Eoinín ag an Siopa- Muireann Ní Chíobháin, Futa Fata.
Molann Ní Ghlinn an leabhar beag seo atá mar chuid de shraith leabhar, toisc go dtugann an scéal an páiste isteach sa scéal, chomh fada leis an siopa.
2. Nanó agus na Mothúcháin le Caitríona Nic Seáin, An tSnatháid Mhór
Cé nach minic a molann Áine aistriúcháin ar leabhair le tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge, ní féidir Bran a fhágáil ar lár!
4.Oíche Mhaith, a ghrá- Sadhbh Devlin, My Irish Books.
Leabhar séimh le tionlacan cruite agus aithris é Oíche Mhaith, a Ghrá.
5. Coiscéim, Coiscéimín- Claire M. Dunne, Anita Foley
6. Thuas sa Spéir-Tatyana Feeney, My Irish Books
Leabhar ciúin é seo, leabhar gan aon fhocal a thugann deis don léitheoir óg a scéal féin a insint. Seoid atá sa leabhar seo, a deir Ní Ghlinn.
7. Nell agus Jó i dTeach Mhamó, Sadhbh Rosenstock
Téann an scéal seo i ngleic le himní i bpáistí, i mbealach álainn, a deir Ní Ghlinn.
Údar Sadhbh Rosenstock le Nell agus Joe i dTeach Mhamó, grianghraf le Julien Behal
8. Puisín na mBróg, Fearghas Mac Lochlainn, Futa Fata.
Tá Maidhc an muilleoir ag éirí as. Fágann sé an muileann ag Micil, capall ag Páidín agus... cat ag Cóilín? Níl Cóilín róshásta leis seo.
Ach ní gnáthchat é Puisín na mBróg. Tá caint aige... agus pleananna móra freisin! An tríú leabhar sa tsraith véarsaíochta atá foilsithe ag Futa Fata le cúpla bliain anuas.
9. An Áit a n-Eitlíonn na Madraí Crainn, Aileen Crossley, Éabhlóid
Deir Ní Ghlinn gur pictiúrleabhar iomlán éagsúil ó aon rud atá feicthe againn sa Ghaeilge é seo. Tá gradam buaite ag an leabhar don dearadh.
10. Katie agus an Pacáiste Rúnda le hÉadaoin Ní Dhomhnaill
Úrscéal bleachtaireachta do pháistí níos sine/luathdhéagóirí é an leabhar seo, atá lán le haicsean agus le mistéir. Scríofa i nGaeilge shoiléir, bainfidh léitheoirí óga an-sult as Katie agus a cairde a leanúint agus í ag iarraidh an cás seo a réiteach.