skip to main content

Lá mór do na Gaeil: Foclóir nua Gaeilge ar an bhfód

Labhair muid le Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail An Foclóir Nua Gaeilge faoin dtogra ceannródaíoch a sheolfaidh Uachtarán Connolly anocht.

Deir Cormac gur cúis mhór bhróid go bhfuil an chéad fhoclóir aonteangach Gaeilge tagtha ar an bhfód ach nach bhfuil anseo ach tús. Inniu, foilseofar an chéad sciar den fhoclóir, ina bhfuil 20,000 iontráil agus 40,000 brí san áireamh sa chéad sciar den ábhar.

Ag tagairt do thábhacht an fhoclóra dóibh siúd a úsáideann an teanga, dúirt Breathnach go léiríonn an foilseachán nua seo gur leor an Ghaeilge anois agus nach gá dúinn aon teanga eile a úsáid.

'Níl taithí ag pobal na Gaeilge ar a bhfoclóir féin, bhíodh orainn dul i muinín an Bhéarla ach ní bheidh orainn sin a dhéanamh níos mó.'

Ag caint ar an gcúis go bhfuiltear ag foilsiú an chéad chuid den fhoclóir anois, deir sé go raibh siad ag súil le go mbeadh deis ag an bhfoclóir fréamhú sa phobal agus go dtógfaidh sin roinnt ama ar úsáideoirí na teanga. Toisc gur ar líne amháin a fhoilseofar an foclóir, beidh deis ag an bhfoireann cur leis an bhfoclóir sna blianta atá le teacht.

Próiséas cuimsitheach é foclóir a chur le chéile agus deir Breathnach go raibh an t-ádh dearg acu foireann d'eagarthóirí iontacha a aimsiú a raibh fíorspéis acu san obair. Ar an bhfoireann, tá cainteoirí dúchais Gaeltachta, Galltachta agus foghlaimeoirí na teanga. Tuigeann an fhoireann cúrsaí teanga agus tá siad sáite sa Ghaeilge, rud a chur go mór leis an togra agus leis na cruinnuithe eagarthóireachta rialta ina a bpléifí focail/ gramadach agus úsáid na teanga.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Dúirt an tUacharán Catherine Connolly:

"Is uirlis riachtanach in aon teanga bheo é mórfhoclóir comhaimseartha sa teanga sin, ina bhfuil an teanga agus dúchas na teanga sin á sainmhíniú ina focail féin agus ag a pobal féin, seachas a bheith de shíor á sainmhíniú trí mheán teanga eile. Cuireann an foclóir nua seo an Ghaeilge agus a pobal ar comhchéim le teangacha agus le pobail teanga eile ár linne, agus tá acmhainní foclóireachta na Gaeilge anois ina n-eiseamláir dhea-chleachtais ag teangacha mionlaithe eile ar fud an domhain."

Is féidir teacht ar an Foclóir nua Gaeilge-Gaeilge anseo